Is é Andy údar nó eagarthóir os cionn 30 leabhar. Tá duaiseanna sárscríbhneoireachta bronnta ar chuid mhaith acu sin ag Cumann Taighde Oideachasúil Mheiriceá, ag Cumann Leabharlann Mheiriceá agus ag Cumann Mheiriceá um Choláistí d’Oideachas Múinteoirí. Cuireann Andy comhairle ar Phríomh-Aire Ontario ó thaobh an oideachais de, bhunaigh sé dhá iris léannta a bhfuil sé ina eagarthóir orthu, agus tá sé ina Uachtarán Tofa ar an gComhdháil Idirnáisiúnta um Éifeachtacht agus Feabhsú Scoile. Ina theannta sin, tá Dochtúireacht Oinigh aige ó Ollscoil Uppsala sa tSualainn.