Daltaí faoi mhíchumais ghinearálta foghlama
Forbhreathnú
D’fhoilsigh an CNCM plépháipéar sa bhliain 1999: Special Educational Needs:Curriculum Issues. Bhí an plépháipéar seo, a sholáthair fóram le haghaidh comhairliú leathan, mar bhonn eolais le hobair na Comhairle sa réimse seo agus ba í buaic an phróisis foilsiú sraith doiciméad, Draft Guidelines for Teachers of Students with General Learning Disabilities (2002). Eagraíodh próiseas leathan comhairlithe le múinteoirí, scoileanna agus tuismitheoirí tráth seolta na ndréacht-treoirlínte. Chabhraigh an t-aiseolas a fuarthas ón gcomhairliú seo linn eagrán nua leasaithe de na treoirlínte do mhúinteoirí daltaí atá faoi mhíchumais ghinearálta foghlama a cheapadh - Guidelines for Teachers of Students with General Learning Disabilities (2007).
Guidelines for Teachers of Students with General Learning Disabilities
Ceapadh na treoirlínte, atá bunaithe ar an taighde is déanaí agus ar an gcleachtas is fearr in Éirinn agus thar lear, chun cabhrú le múinteoirí agus le daoine eile freastal ar riachtanais foghlama daltaí atá faoi mhíchumais ghinearálta foghlama. Dearadh na treoirlínte chun cuidiú le múinteoirí agus iad i mbun teagasc agus foghlaim a phleanáil. San áireamh iontu tá gníomhaíochtaí foghlama a d’fhéadfaí a úsaid sa seomra ranga i réimsí éagsúla ábhair/curaclaim.
Tá siad oiriúnach do bhunscoileanna príomhshrutha agus do bhunscoileanna speisialta, d’iar-bhunscoileanna agus do shuíomhanna oideachais eile. Tá súil againn go háirithe go mbeidh na treoirlínte seo úsáideach do mhúinteoirí tacaíochta foghlama agus acmhainne ach tá siad ceaptha le húsáid ag gach múinteoir ábhair/ranga agus cúntóir riachtanas speisialta. Ba cheart na treoirlínte a chur ar fáil d'aon phearsanra eile a bhfuil baint dhíreach acu le hoideachas an dalta freisin.
Foilsíodh na treoirlínte i bhfoirm digi-pac ina bhfuil CD-ROM agus leabhrán forbhreathnaithe 32 leathanach. Ar an CD-ROM seo gheofar chomh maith 44 ríomhleabhar mar aon le réamhrá ginearálta a phléann cuid de na ceisteanna leathana a mbíonn tionchar acu ar mhúineadh agus ar fhoghlam daltaí atá faoi mhíchumais ghinearálta foghlama. Is i mBéarla amháin atá an CD-ROM ar fáil faoi láthair.
Dearadh an CD-Rom i gcaoi is go mbeadh sé soléite agus sothuigthe ag an líon daoine is mó is féidir. Tabharfaidh na roghchláir deis d’úsáideoirí cuardach a dhéanamh feadh chontanam na míchumas foghlama ar bhonn ábhair agus eiseamláirí ceachta a roghnú ar féidir iad a phriontáil nuair is gá.
Tá scannán gearr ar fáil chun cuidiú leat agus tú ag baint úsáide as na treoirlínte seo. Taispeánann sé an bealach is fearr le nascleanúint a dhéanamh agus teacht ar an CD-ROM.

Féach ar na treoirlínte nua leasaithe do mhúinteoirí daltaí atá faoi mhíchumais ghinearálta foghlama (CD-ROM, Béarla)
 | Bíodh turas gearr agat ar an CD-ROM (i mBéarla) Taispeánann an scannán gearr seo an chaoi is fearr le nascleanúint a dhéanamh agus teacht ar na 44 treoirlíne ar an CD-ROM. Léirítear cuid de na gnéithe ar an CD-ROM, mar shampla an chaoi le treoirlínte a chuardach le haghaidh eochairfhocal nó eochairfhrásaí nó conas an téacs atá uait a chóipeáil agus a ghreamú. |
 | Íoslódáil na treoirlínte i bhformáid PDF Is féidir na treoirlínte nua leasaithe seo a íoslódáil i bhfoirm PDF. Níl na treoirlínte ar fáil i nGaeilge go fóill, ach amháin an leabhrán foramhairc, atá dátheangach. |
Fill ar phríomhleathanach Riachtanais Speisialta Oideachais