ACTION
Síntiús don Nuachtlitir
Tá cúram ar an CNCM comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta maidir le riachtanais mac léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta oideachais eile orthu, i gcás curaclaim agus siollabas (An tAcht Oideachais, 1998). Chuir an Chomhairle tús le comhlíonadh na dtéarmaí tagartha seo trí dhul i ngleic le riachtanais mac léinn atá faoi mhíchumais foghlama ghinearálta agus daltaí sárchumais.
Tá Cláir Foghlama ag Leibhéal 2 (L2LPs) forbartha againn agus rinneadh iad a dhearadh d'fhoghlaimeoirí a bhfuil míchumais ghinearálta foghlama acu, agus iad ag feidhmiú sa réimse íseal den mhíchumas foghlama ginearálta éadrom go dtí an chuid is airde den mhíchumas foghlama ginearálta meánach. Rinneadh na Cláir Foghlama ag Leibhéal 2 a fhorbairt i gcomhpháirt le scoileanna atá ag obair cheana leis an ngrúpa seo scoláirí agus chuaigh an CNCM i muinín na taithí sin le hUirlis Úsáide do na Cláir Foghlama ag Leibhéal 2 a cheapadh do mhúinteoirí.
Déanfar na L2LPs a chomhfhogasú do Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (An NFQ). Tá sé i gceist go dtógfar isteach iad i scoileanna in 2014.Tá fáil láithreach ar an Uirlis Úsáide ar bhonn treoirscéime. Bainfear leas as aon aiseolas uait le feabhas a chur ar an uirlis sa tréimhse sula seolfar go hoifigiúil í in 2014.
Tá fáil ar an Uirlis Úsáide ag
Tacú le teagasc agus foghlaim daltaí faoi mhíchumas foghlama ginearálta éadroma, measartha, troma agus ginearálta… treoirlínte do mhúinteoirí. Tuilleadh eolais
Bíonn roinnt daltaí i ngach aon scoil a dteastaíonn raon níos leithne agus níos doimhne gníomhaíochtaí foghlama uathu ná mar a chuirtear ar fáil do phríomhchohórt na ndaltaí...treoirlínte do mhúinteoirí. Tuilleadh eolais
Exceptionally Able Students: Draft Report on the Consultation (2008)Exceptionally Able Students: Draft Guidelines for Teachers (2007)Guidelines for Teachers of Students with General Learning Disabilities (2007)Special Educational Needs: Curriculum Issues (1999)Difreáil; Alt ó info@ncca (Meán Fómhair 2007)
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Spesialta (NCSE)Special Education Support Service(SESS)Irish Association of Teachers in Special Education (IATSE)Cumann Tacaíochta Foghlama na hÉireann (ILSA)An tÚdarás Náisiúnta Míchumais NDA)Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE)