Athleagan amach ar an gcuraclam: acmhainní do mhúinteoirí

 

Tá na hacmhainní pleanála ina bhfuil an curaclam athleagtha amach ar fáil anseo.

Obair atá fós a forbairt is ea iad na hacmhainní, ina bhfuil cuspóirí ábhair an churaclaim leagtha amach i mbealach atá níos fusa le húsáid. Tá siad ar fáil do na hábhair seo a leanas: English, Gaeilge, Matamaitic agus Eolaíocht.

Tá foramharc ar an gcuraclam ar fáil mar chairt bhalla freisin, ina bhfuil cur síos ar na snáitheanna agus na snáithaonaid i ngach ábhar.

Cliceáil ar phictiúr chun athleagan amach ar an ábhar sin a fheiceáil nó a íoslódáil.

 wall_chart

 

Cairt Bhalla: Foramharc ar an gCuraclam.

   
 eng_icoga_ico
   
sci_irlmat_icon_irlpe_irl

Is mian leis an CNCM aitheantas a thabhairt don obair a rinne Clár Tacaíochta an Churaclaim Bhunscoile (PCSP) agus an tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SDPS), a d'fhorbair acmhainní tacaíochta curaclaim san am atá thart. Tá na hábhair seo ina a bhfuil an curaclam athleagtha amach ag an CNCM, ag tarraingt ar obair a rinne an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna (PPDS) chun leidchártaí a fhorbairt, inar leagadh amach inneachar tábhachtach an churaclaim agus dul chun cinn sna cuspóirí ábhair ó naíonáin go rang a sé. Táimid buíoch den PPDS as a gcomhoibriú i luathchéimeanna na hoibre chun an curaclam a athleagan amach.
Is féidir leat cártaí an PPDS a íoslódáil óna suíomh gréasáin, ón leathanach dar teideal Sracfhéachaint ar an gCuraclam.