Aidhmeanna

 

Aidhmeanna

Tá sí mar aidhm ag an tsraith shóisearach:

  • an t-eolas, an tuiscint, na dearcthaí, na scileanna agus na hinniúlachtaí a fhaightear ag leibhéal na bunscoile a athneartú agus a fhorbairt tuilleadh sa duine óg
  • raon agus cáilíocht eispéireas oideachais an duine óig, maidir le tuiscint, eolas, scileanna agus inniúlachtaí, a fhairsingiú agus a dhoimhniú
  • muinín phearsanta agus shóisialta, tionscantacht agus inniúlacht an duine óig a fhorbairt trí oideachas ginearálta leathan cothrom.
  • an duine óg a ullmhú do riachtanais chláir staidéir bhreise, cláir fhostaíochta nó don saol lasmuigh den oideachas lánaimseartha
  • cur le forbairt mhorálta agus sprioradálta an duine óig agus caoinfhulaingt agus meas ar luachanna agus creidimh dhaoine eile a fhorbairt
  • an duine óg a ullmhú d'fhreagrachtaí na saoránachta sa chomhthéacs náisiúnta agus i gcomhthéacs níos leithne na bpobal Eorpach agus domhanda.