Tá 34 ábhar Ardteistiméireachta ar fáil do na scoileanna. Déantar ábhair ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal, agus tá scrúdú Bonnleibhéil ar fáil sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic, leis. Gheofar doiciméid siollabais na n-ábhar uile
anseo. Lena chois sin, cuireann Coimisiún na Scrúduithe Stáit scrúduithe ar fáil in aon cheann de theangacha aitheanta an Aontais Eorpaigh, i gcás ina meastar gur stádas cuí é stádas an iarratasóra/an iarrthóra.