Idiraonaid
Comhpháirteanna nua curaclaim is ea Idiraonaid, a thógann 45 uair an chloig d'am tráthchláir. I dteannta modúl níos giorra agus eispéireas foghlama eile, is féidir le scoileanna roinnt Idiraonad a thairiscint mar chuid de chlár na hIdirbhlianta. Ní cúrsaí 'scrúdúcháin' atá i gceist le hIdiraonaid ach cúrsaí a dhéantar a mheasúnú mar chuid den teagasc agus den fhoghlaim a dhéantar san aonad.
Cad is idiraonaid ann?
- Cúrsaí 45 uair an chloig
- Scoileanna nó gníomhaireachtaí i gcomhar le scoileanna a cheapann iad
- Déantar measúnú ar bhonn leanúnach sa scoil féin

Féach cuid de na hidiraonaid samplacha..

Léigh an tslí ina gceapann scoileanna a gcuid idiraonad.

Info@ncca article September 2008.
Conas a cheaptar idiraonaid sna scoileanna?
Is féidir le scoileanna idiraonaid nua a cheapadh, nó cuid de na modúil a thairgeann siad cheana féin i gClár na hIdirbhliana a oiriúnú. Nó is féidir leo idiraonad atá á thairiscint ag scoil eile a úsáid nó a oiriúnú.
Tá teimpléad ceaptha againn chun cabhrú le múinteoirí aonaid a cheapadh mar aon le treoirleabhar chun iad a threorú agus idiraonaid á leagan amach acu.