Foramharc ar an tSraith Shinsearach

 
sencycleblue

Is é an tSraith Shinsearach (meánoideachas uachtarach) an tréimhse neamh-éigeantach oideachais agus is gnách daltaí a bheith idir 15 agus 18 mbliana d'aois lena linn. Is iad aidhmeanna na sraithe sinsearaí leanúnachas leis an tsraith shóisearach a chur ar fáil, cabhrú le daltaí forbairt mar dhaoine agus iad a ullmhú do dhúshláin an bhreisoideachais agus an ardoideachais, do shaol na hoibre agus do shaol an tsaoránaigh.


Is é rogha an dalta sraithe sinsearaí é clár dhá bhliain nó clár trí bliana a dhéanamh. Roghnaíonn daltaí áirithe Idirbhliain a dhéanamh sula dtosaíonn siad ar chúrsa dhá bhliain na hArdteistiméireachta. Déanann formhór na ndaltaí an Ardteistiméireacht (Bhunaithe) ar chríoch an chúrsa sin dóibh. Bunaítear an próiseas roghnúcháin le haghaidh cúrsaí breisoideachais agus ardoideachais ar thorthaí na ndaltaí sa scrúdú seo. Tá daltaí eile ann a roghnaíonn Gairmchlár na hArdteistiméireachta a dhéanamh, clár ina ndírítear ar oideachas fiontraíochta agus ar dhaltaí a ullmhú do shaol na hoibre. Daltaí ar mian leo clár atá dírithe níos mó ar an bhfoghlaimeoir ná ar shaol na hoibre a dhéanamh, roghnaíonn siad an Ardteistiméireacht Fheidhmeach.

An Idirbhliain

TYGuitarsx2

Clár bliana a ceapadh mar dhroichead idir cláir an Teastais Shóisearaigh agus cláir na hArdteistiméireachta chun deis a thabhairt d'fhoghlaimeoirí leas a bhaint as raon leathan eispéireas foghlama gan iad a bheith faoi bhrú scrúduithe.

An Ardteistiméireacht Bhunaithe

Overview LCE 2

Clár dhá bhliain a fhéachann le hoideachas leathan cothromaithe a chur ar fhoghlaimeoirí agus deiseanna a thabhairt dóibh ag am céanna chun gabháil le gairm ar leith ina dhiaidh sin.

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Overview LCA

Clár dhá bhliain a ullmhaíonn daltaí don athrú ó shaol na scoile nó an ionaid foghlama go saol an duine fhásta agus go saol na hoibre.

Gairmchlár na hArdteistéireachta

Overview LCV

Clár dhá bhliain atá mórán mar an gcéanna leis an Ardteistiméireacht Bhunaithe ach ina ndírítear níos mó ar an bhfiontraíocht agus ar ullmhúchán do shaol na hoibre.