Is beag idir Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus an Ardteistiméireacht Bhunaithe. An difríocht eatarthu ná go roghnaíonn daltaí an Ghairmchláir
- cuid dá n-ábhair Ardteistiméireachta as sraith gairmábhar ar leith
- cúrsa aitheanta i nua-theanga Eorpach
- dhá chúrsa breise, ar a dtugtar Nascmhodúil, in Ullmhúchán do Shaol na hOibre agus in Oideachas Fiontraíochta.