Beidh dhá cháilíocht náisiúnta ann. Cuirfear an chéad cheann, ar Leibhéal 3, in ionad an Teastais Shóisearaigh. Ceapfar an dara ceann, ar Leibhéal 2, do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Beidh na cáilíochtaí seo níos lú, rud a tabharfaidh níos mó spáis agus níos mó ama do scoileanna d’fhonn díriú ar fhoghlaim níos doimhne, ar an litearthacht, ar an
uimhearthacht agus ar phríomhscileanna.