1
1 3 3 3 4 56 7 8 8 2 2

 

Bainfidh scoileanna úsáid as An Creat don tSraith Shóisearach agus iad ag pleanáil don tsraith shóisearach nua agus á forbairt. Is iad na scoláirí a rachaidh isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2014 an chéad ghrúpa a thabharfaidh faoi.

An bhliain sin déanfaidh siad staidéar ar chúrsa nua Béarla agus is féidir freisin go dtógfaidh siad roinnt gearrchúrsaí má roghnaíonn an scoil a leithéid a chur san áireamh ina clár don tsraith shóisearach.

Le linn trí bliana na sraithe sóisearaí foghlaimeoidh siad i réimse leathan bealaí agus beidh béim mhór ar na príomhscileanna, ar litearthacht agus ar uimhearthacht.

Seo príomhscileanna na sraithe sóisearaí: 

 
go3
 

Gheobhaidh tú tuairiscí níos mionsonraithe ar dhul chun cinn do pháiste sa tsraith shóisearach. Ina measc beidh tuairiscí ar an dul chun cinn atá á dhéanamh aige / aici i dtaca le litearthacht agus uimhearthacht agus iarrfar ar dhaltaí a meas féin a thabhairt ar a ndul chun cinn féin sula gcuirfear an tuairisc chugatsa.

Ar na scrúduithe is mó a tháinig athrú. Beidh scrúdú ann i dtólamh ag deireadh na sraithe sóisearaí m.sh. sa Bhéarla. Bronnfar 40% de mharcanna an Bhéarla áfach ar obair a bheidh curtha i gcrích roimhe sin. Mar sin do na daltaí ní bheidh gach ní ag brath ar an scrúdú deiridh amháin.

In 2015, agus deireadh a dtríú bliain bainte amach acu, cuirfear scrúdú orthu in 6 - 8 n-ábhar, ag brath ar líon na ngearrchúrsaí atá ndéanamh acu ag na scrúduithe. Ina measc seo beidh cúrsa nua an Bhéarla, na cúrsaí nua eile a bheidh déanta acu agus aon ábhar eile de chuid an Teastais Shóisearaigh atá á staidéar acu, go huasteorainn ocht n-ábhar. Bronnfar an cháilíocht nua, Teastas Náisiúnta Oideachais na Sraithe Shóisearaí orthu.

Is mar chuid den Teastas Sóisearach a thabharfaidh daltaí ag tosú sa chéad bhliain in 2012 agus in 2013 faoi chláir na sraithe shóisearaí.

JOAN TSRAITH SHÓISEARACH NUA:  ROINNT EOCHAIRDHÁTAÍ HO

Dáta Teagmhas
2012

Seolfar  An Creat don tSraith Shóisearach

2012-14 Tosóidh scoileanna ag pleanáil don tsraith shóisearach nua
2014 Tabharfar isteach an Creat nua do lucht na chéad bhliana le dhá ábhar, gearrchúrsaí agus le gach gné eile 
2014-17 Tabharfar isteach ábhair eile agus gearrchúrsaí eile ó bhliain go bliain
2017 Bronnfar cáilíochtaí nua na sraithe shóisearaí nua don chéad uair

go2Féach freisin:go

KO

 

 

 

1 www.ncca.ie