| |
Geobhaidh tú tuairiscí scoile ar an dul chun cinn a bheidh ar siúl agat sa tsraith shóisearach a bheidh níos mionsonraithe. Luafaidh na tuairiscí seo mar a bheidh ag éirí leat i dtaca le litearthacht agus uimhearthacht agus iarrfar ortsa tráchtaireacht a dhéanamh ar do dhul chun cinn sula seolfar an tuairisc chuig do thuismitheoirí nó chuig do chaomhnóirí.
Ar na scrúduithe is mó a thiocfaith athrú áfach. Beidh scrúduithe ann i gcónaí ag deireadh na sraithe sóisearaí, sa Bhéarla mar shampla. Ach bronnfar 40% de mharcanna an Bhéarla roimhe sin ort ar obair a dhéanfaidh tú le linn an dara agus an tríú bliain. Mar sin ní bheidh gach uile rud ag brath ar an scrúdú deiridh amháin.
In 2017, nuair a bheidh an tríú bliain á críochnú agat cuirfear scrúdú ort i sé go hocht n-ábhar, ag brath ar líon na ngearrchúrsaí a bheidh ar siúl agat. Beidh cúrsa nua an Bhéarla san áireamh anseo, cúrsaí nua eile a bheidh déanta agat agus aon ábhair eile a bheidh á staidéar agat don Teastas Sóisearach – go huasteorainn ocht n-ábhar ar fad. Gheobhaidh tú cáilíocht nua ansin dár teideal Teastas Náisiúnta Oideachais na Sraithe Sóisearaí.
Más ag dul isteach sa chéad bhliain a bheidh tú in 2012 nó in 2013 beidh clár an Teastais Shóirearaigh ar siúl agat fós.
AN TSRAITH SHÓISEARACH NUA: PRÍOMHDHÁTAÍ DO DHALTAÍ 
| Dáta |
Teagmhas |
| 2012 |
Seolfar An Creat don tSraith Shóisearach
|
| 2012-14 |
Tosóidh scoileanna ag pleanáil don tsraith shóisearach nua
|
| 2014 |
Cuirfidh daltaí na chéad bhliana tús le roinnt ábhar agus gearrchúrsaí mar chuid den tSraith Shóisearach nua don chéad uair
|
| 2014-17 |
Cuirfear ábhair agus gearrchúrsaí eile ar fáil ó bhliain go bliain do na daltaí ag tosú sa chéad bhliain
|
| 2017 |
Bronnfar an Teastas Náisiúnta Oideachais don tSraith Shóisearach ar dhaltaí don chéad uair
|
Féach freisin:
|