Freagraí

1) Cad iad na hathruithe is mó ar an tsraith shóisearach?
Seo a leanas na hathruithe is mó ar an tsraith shóisearach:
Tabharfar isteach Creat nua le haghaidh na Sraithe Sóisearaí. Is leis an gCreat seo a dhéanfaidh scoileanna a sraith shóisearach nua féin a phleanáil agus a fhorbairt.
Scríobhfar amach i bhfocail shoiléire an méid a fhoghlaimeoidh daltaí. Beidh 24 Ráiteas Foghlama sa Chreat ina sonrófar an fhoghlaim a bheidh le déanamh. Ag scileanna litearthachta agus uimhearthachta a bheidh tús áite. Ainmneofar sé cinn de phríomhscileanna don fhoghlaim, don saol agus don obair san 21ú haois agus neadófar iad i ngach ábhar, lena n-áirítear Cumarsáid a Dhéanamh agus A Bheith Cruthaitheach. Leagfar amach gach ábhar i dtéarmaí torthaí foghlama – an méid a bheidh ar eolas ag an dalta nó a bheidh sé nó sí in ann a dhéanamh.
I bhfoirm ábhar a bheidh an curaclam roinnte i gcónaí, faoi mar atá sé faoi láthair. Ach beidh gearrchúrsaí ar fáil chomh maith. Beidh cuid de na cúrsaí sin ar fáil i bhfoirm 'cúrsaí réamhcheaptha' lena múineadh sa tsraith shóisearach nua. Ach beidh deis ag scoileanna a ngearrchúrsaí féin a chruthú, leis, bunaithe ar theimpléad aontaithe. Mar sin d'fhéadfadh gearrchúrsaí teacht chun cinn ar Nuáil agus Fiontraíocht, Sínis, Inbhuanaitheacht, Teicneolaíochtaí an Eolais, Díospóireachtaí, nó Oiliúnóireacht sa Phobal.
Déanfar athrú mór ar chúrsaí measúnachta sa tsraith shóisearach nua. Cuirfear béim ar ról an mheasúnaithe i dtaca le dul chun cinn laethúil san fhoghlaim agus tacófar leis. I gceist i measúnú do cháilíochtaí beidh scrúduithe seachtracha (60%) agus measúnú scoilbhunaithe (40%) a dhéanfar ar phunann a chuirfidh daltaí i dtoll a chéile i gcaitheamh an dara agus an tríú bliain. Beidh páirt níos mó ag múinteoirí i measúnú do cháilíochtaí ná mar atá acu faoi láthair, ach níl aon dabht ann mura dtagann athrú ar an gcleachtas measúnaithe, ní thiocfaidh athrú ar an gcleachtas teagaisc agus foghlama ach oiread!
Beidh dhá cháilíocht nua náisiúnta ann. Gabhfaidh an chéad cheann, ar Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, áit an Teastais Shóisearaigh. Dearfar an dara ceann, ar Leibhéal 2, do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ní aithnítear gnóthachtáil foghlama an ghrúpa daltaí sin i láthair na huaire sa Teastas Sóisearach. Is lú an méid foghlama a bheidh i gceist iontu araon ná sa Teastas Sóisearach, ionas nach ar an scrúdú deireanach a bheidh an fócas ach ar scileanna, ar nuáil agus ar chruthaitheacht i gcláir na sraithe sóisearaí.
Barr an leathanaigh
2) An gá i ndáirire an tsraith shóisearach a athrú?
Tá na hathruithe ar an tsraith shóisearach á mbeartú tráth a bhfuil an córas oideachais agus an tír i gcoitinne ar an ngannchuid. Tá lucht scoileanna, tuismitheoirí agus daltaí faoi bhrú nach beag agus iarmhairtí an ghanntanais acmhainní ag dul i bhfeidhm ar na scoileanna cheana féin. Os a choinne sin, is eol dúinn ar fad gur gá athrú a dhéanamh sa seomra ranga chun go mbeidh ag na daltaí a thiocfaidh isteach sa tsraith shóisearach sna blianta amach romhainn eispéireas oideachais a oireann dá riachtanais.
Tosóimid sa bhliain 2014 ionas go mbeidh lucht fágála na scoile sa bhliain 2020 ar an gcéad dream a thairbheoidh de na hathruithe seo. Vóta muiníne iontu siúd agus ina dtodhchaí siúd – todhchaí na tíre – atá sna hathruithe seo.
Más gá freagra níos dírí a thabhairt ar an gceist faoin ngá atá le hathrú i láthair na huaire, ní gá ach féachaint ar thoradh na gcomhairliúchán ar an tsraith shóisearach, ar chinntí an taighde a rinne an ESRI ar thaithí daltaí sa tsraith shóisearach, agus ar fheidhmíocht na ndaltaí a bhí páirteach in PISA. Is é tuairim fhormhór na scoileanna, leis, gur gá athrú a dhéanamh ar an tsraith shóisearach.
Údar imní ab ea é dóibh siúd a bhí páirteach sna comhairliúcháin ar fhorbairt na sraithe sóisearaí, go háirithe do mhúinteoirí, conas freastal ar riachtanais daoine óga agus iad ag fás ina n-aosaigh i dtimpeallacht atá ag éirí níos dúshlánaí agus níos casta i gcónaí.
Dhírigh taighde an ESRI agus na comhairliúcháin araon aird ar an bhfadhb atá againn le daltaí a chailleann spéis sa scolaíocht i gcaitheamh na sraithe sóisearaí, agus nach mbeireann leo na scileanna a bheidh riachtanach níos déanaí don fhoghlaim, don saol agus don obair.
Dhírigh torthaí PISA ár n-aird ar an ngá atá le bunscileanna litearthachta agus uimhearthachta a shuí i gceartlár an chórais.
Ón bhfianaise sin ar fad, is léir go bhfuil dúshlán mór faoin tsraith shóisearach i láthair na huaire. Tá an baol ann má fhágtar rudaí mar atá gur ag dul in olcas a bheidh cúrsaí do dhaltaí na sraithe sóisearaí seachas ag fanacht sa riocht ina bhfuil siad faoi láthair.
ESRI research into students’ experiences in junior cycle
Innovation & Identity Ideas for a new Junior Cycle
Barr an leathanaigh
3) Cé na hábhair a bheidh éigeantach sa tsraith shóisearach nua?
Tabharfar isteach Creat le haghaidh na Sraithe Sóisearaí mar áis tacaíochta do scoileanna. Treoir a bheidh ann chun go mbeidh ar a gcumas clár sraithe sóisearaí ar ardchaighdeán a fhorbairt, clár a chomhlíonfaidh riachtanais a ndaltaí féin agus a oirfidh do chomhthéacs, do thimpeallacht agus do phobal na scoile. Tuairisceofar sa Chreat a mbeidh le foghlaim ag gach dalta sa tsraith shóisearach agus forálfar ann do na cáilíochtaí náisiúnta a ghabhfaidh le foghlaim sa tsraith shóisearach. Ach tabharfaidh an Creat spás agus solúbthacht ghairmiúil do lucht bainistíochta scoileanna agus do mhúinteoirí chun an fhoghlaim a eagrú ar an tslí is fearr a oireann dá ndaltaí féin.
Tuairisceoidh na 24 ráiteas foghlama sa Chreat le haghaidh na Sraithe Sóisearaí, na sé phríomhscil agus scileanna litearthachta agus uimhearthachta, croífhoghlaim na sraithe sóisearaí. Is iad na scoileanna a chinnfidh cad iad na hábhair, na gearrchúrsaí agus na heispéiris foghlama eile a chomhlíonfaidh riachtanais na croífhoghlama seo i dtréimhse trí bliana na sraithe sóisearaí. Beidh riachtanas uilechoiteann amháin ann.
Beidh ar dhaltaí fianaise a sholáthar go bhfuil méid áirithe foghlama déanta acu i mBéarla, i nGaeilge agus sa mhatamaitic chun cáilíocht na sraithe sóisearaí (Leibhéal 3) a ghnóthú.
Barr an leathanaigh
4) Cathain is féidir le scoil tús a chur leis an gclár seo?
Mar phointe tosaigh don tsraith shóisearach nua, agus do thabhairt isteach an dá cháilíocht nua, féadfaidh scoil teorainn a chur le líon na n-ábhar is ceadmhach do dhalta a dhéanamh i scrúdú an Teastais Shóisearaigh, faoi mar atá sé anois, ag tosú le daltaí a rachaidh isteach sa chéad bhliain den tsraith shóisearach i Meán Fómhair 2012 agus a dhéanfadh an Teastas Sóisearach i Meitheamh 2015.
Mar shampla, d'fhéadfadh scoil a shocrú gur ocht n-ábhar ar a mhéad a cheadófaí do dhaltaí a thosóidh sa bhliain 2012 agus a dhéanfadh scrúdú an Teastais Shóisearaigh sa bhliain 2015. Ní chiallódh sin nach gceadófaí do dhaltaí ACH ocht n-ábhar a dhéanamh le linn na sraithe sóisearaí ach go mbeadh sé de rogha ag an scoil cuid den am i mblianta na sraithe sóisearaí a chaitheamh ar rudaí eile nó chun eagar eile a chur ar an tráthchlár. Ach ó thaobh an scrúdaithe de, is lú an t-ualach obair scrúdaithe, tríd is tríd, a bheidh ar na daltaí sin.
Cuirfear tús leis an tsraith shóisearach nua i ngach scoil i Meán Fómhair 2014 agus beidh na cáilíochtaí nua ar fáil dóibh siúd a chríochnóidh an tsraith shóisearach sa bhliain 2017.
Féadfaidh na scoileanna dul i mbun pleanála láithreach trí eolas a chur ar an méid atá sa Chreat agus ar na tacaíochtaí ar líne a chuirfear ar fáil de réir a chéile ar láithreán Gréasáin an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Fiú murar mhian le scoil an teorainn roghnach ar líon na n-ábhar i scrúdú an Teastais Shóisearaigh a thabhairt isteach i mbliana nó sa bhliain 2013 d'fhéadfadh sí tosú ag smaoineamh ar an gcuraclam sraithe sóisearaí a chuirfidh sí ar fáil sa bhliain 2014, i bhfianaise an Chreata nua. D'fhéadfadh an fhoireann, na daltaí, na tuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta smaointe don tsraith shóisearach nua a phlé, mar aon leis na gearrchúrsaí a chuirfí ar fáil mar chuid de chlár sraithe sóisearaí na scoile.
Barr an leathanaigh
5) Cathain a bheidh na hábhair athbhreithnithe agus na gearrchúrsaí nua ar fáil?
Tosófar ar na hábhair athbhreithnithe a thabhairt isteach sa bhliain 2014, ag tosú leis an mBéarla. Tabharfar ábhair athbhreithnithe eile isteach de réir a chéile sna blianta dá éis; tá cainteanna ar siúl i láthair na huaire ar cé na hábhair a thabharfar isteach i ngach ceann de na céimeanna sin ó 2015 ar aghaidh.
Tabharfar isteach gearrchúrsaí ón mbliain 2014 ar aghaidh. Cuirfidh an CNCM cuid de na cúrsaí sin ar fáil do na scoileanna i bhfoirm chúrsaí réamhcheaptha. Na scoileanna féin a fhorbróidh gearrchúrsaí eile, bunaithe ar theimpléad agus ar threoirlínte ón CNCM. Beidh gearrchúrsaí, teimpléad agus treoirlínte an CNCM ar fáil do na scoileanna tamall maith roimh 2014 ionas gur féidir le scoileanna dul i mbun pleanála, más mian leo, chun gearrchúrsaí a thabhairt isteach ón mbliain 2014 ar aghaidh. Tá cinneadh déanta nach mór ar theidil agus ar ábhar na ngearrchúrsaí 'réamhcheaptha' a chuirfidh an CNCM ar fáil sa bhliain 2014.
Barr an leathanaigh
6) Cé na difríochtaí a fheicfear ar ábhair na sraithe sóisearaí nua?
Na hábhair atá ar fáil cheana féin mar chuid den tsraith shóisearach, déanfar iad a athbhreithniú agus sonraíochtaí nua a cheapadh chun luachanna an Chreata le haghaidh na Sraithe Sóisearaí a léiriú. Úsáidfear an téarma 'sonraíocht' in ionad an téarma 'siollabas' atá ann anois agus bainfidh sé le hábhair agus le gearrchúrsaí araon.
Beidh na sonraíochtaí ábhar níos giorra ar an iomlán ná na siollabais reatha chun deis a thabhairt do na scoileanna a gclár sraithe sóisearaí féin a fhorbairt, agus mar cheartú ar shiollabais reatha áirithe a mheastar atá rófhairsing. I láthair na huaire teastaíonn 240 uair an chloig i gcaitheamh trí bliana na sraithe sóisearaí chun siollabais ábhar a mhúineadh. Ní bheidh i gceist i bhformhór na sonraíochtaí ábhar nua ach 200 uair an chloig nó mar sin de rannpháirtíocht foghlaimeora. Tá tábhacht leis an téarma 'nó mar sin' anseo toisc go mbraithfidh an t-am a chaithfear ar shonraíocht i scoil ar bith ar an tosaíocht a thabharfar di sa tráthchlár, ar na cineálacha cur chuige a úsáidfear i leith an teagaisc agus na foghlama, na gníomhaíochtaí a bheidh i gceist agus raon cumais na ndaltaí. Leanfar de shonraíochtaí Béarla, Gaeilge agus matamaitice a dhearadh do 240 uair an chloig ar a laghad.
Bunófar na sonraíochtaí nua ar thorthaí foghlama soiléire agus féachfaidh siad le cur leis an méid a d'fhoghlaim daltaí sa bhunscoil agus iad a ullmhú don chineál foghlama a bheidh i gceist sa tsraith shinsearach. Rannchuideoidh gach ábhar (agus na gearrchúrsaí, ar ndóigh) le forbairt na litearthachta, na huimhearthachta agus na bpríomhscileanna.
Barr an leathanaigh
7) Cé na difríochtaí a bheidh idir ghearrchúrsaí agus ábhair?
Sa tsraith shóisearach nua, is tríd an dá chomhpháirt, ábhair agus gearrchúrsaí, go príomha, a rachaidh daltaí i ngleic leis na ráitis foghlama. Dhá chéad uair an chloig d'am teagmhála a bheidh i gceist sna hábhair agus céad uair an chloig i gcás na ngearrchúrsaí.
Ábhair iar-bhunscoile a bhfuil cur amach ag na daltaí cheana orthu a bheidh i gceist leis na hábhair. Déanfar gach ábhar a athbhreithniú agus cuirfear na sonraíochtaí nua giorraithe ar fáil sula dtabharfar isteach sa tsraith shóisearach nua iad. Ní bheidh an cur amach céanna ag daltaí ar ábhair na ngearrchúrsaí.
D'fhéadfadh gearrchúrsaí áirithe a bheith bunaithe ar réimse léinn ar leith, an tSínis, mar shampla, nó ar réimse inniúlachta ar nós Clárú/Códú. D'fhéadfadh gearrchúrsaí eile a bheith dírithe ar réimsí foghlama a d'fhéadfaí a úsáid i gcomhthéacsanna agus i bhfeidhmeanna difriúla, Meáin Dhigiteacha nó Taibhiú Ealaíonta, cuir i gcás. Beidh leagan amach na ngearrchúrsaí solúbtha go leor chun gníomhaíochtaí, tionscnaimh agus imeachtaí foghlama ar leith a d'eagródh an scoil a bheith ar áireamh iontu.
D'fhéadfadh scoileanna gearrchúrsaí a dhearadh atá ábhartha dá ndaltaí féin go háirithe agus a chabhródh leo naisc níos dlúithe a fhorbairt lena bpobal. Soláthróidh an CNCM teimpléad, samplaí agus treoirlínte a chabhróidh le scoileanna gearrchúrsaí a fhorbairt a bheadh ar chaighdeán cuí.
Féadfar gearrchúrsaí a mheasúnú i leith cáilíochtaí nua na sraithe sóisearaí.
Measúnú scoilbhunaithe a dhéanfar ar ghearrchúrsaí.
Barr an leathanaigh
8) Cé na difríochtaí a bheidh ann do na scoileanna?
Den chéad uair beidh an tsolúbthacht ag scoileanna chun cinneadh a dhéanamh cad go díreach a bheidh ar áireamh i gclár sraithe sóisearaí a ndaltaí féin. Ach is é an taobh eile den tsolúbthacht sin an gá atá le féachaint chuige go gcomhlíonfaidh ábhar na gclár sin riachtanais na 24 ráiteas foghlama agus go dtabharfaidh siad do dhaltaí deiseanna chun na príomhscileanna atá mar chroílár ag an gCreat le haghaidh na Sraithe Sóisearaí a fhorbairt.
I gcás na scoileanna, is iad seo a leanas na príomhdhifríochtaí:
• Beidh an tsraith shóisearach bunaithe anois ar Chreat seachas ar shraith rialacha ar leith – is mó an tsolúbthacht agus an neamhspleáchas a bheidh ag scoileanna i dtaca le pleanáil agus forbairt na sraithe sóisearaí, agus is mór an deis a bheidh ag scoileanna nuáil a léiriú.
• Tabharfaidh na Ráitis Foghlama agus na sonraíochtaí curaclaim bunaithe ar thorthaí foghlama soiléire nua ó thaobh a mbeidh le foghlaim sa tsraith.
• Beidh deis ag scoileanna díriú ar chlár na sraithe sóisearaí agus ar an scrúdú araon.
• D'fhéadfadh curaclam na scoile teacht chun bheith níos éagsúla agus níos ábhartha do phobal na ndaltaí. Trí ghearrchúrsaí a fhorbairt, d'fhéadfadh scoileanna teacht chun bheith bainteach le forbairt churaclam áitiúil a bheadh ina chomhlánú ar an gcuraclam náisiúnta.
• Beidh baint níos mó ag scoileanna le cúrsaí measúnaithe as seo amach agus tiocfaidh an measúnú chun bheith ina dhlúthchuid de shaol gairmiúil na scoile. Is lú an bhearna a bheidh idir an fhoghlaim agus an measúnú dá bharr.
• Feicfear feabhas ar aiseolas agus ar thuairisciú sa tsraith shóisearach nua agus cáilíochtaí ar leibhéil éagsúla den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí is ea a bhronnfar ag deireadh na sraithe.
Barr an leathanaigh
9)
Cé na difríochtaí a bheidh ann do na daltaí?
Cineál nua fócais a bheidh ann ar an bhfoghlaim agus ar ról an fhoghlaimeora, agus ar an méid dul chun cinn atá déanta, seachas ar an méid den leabhar atá clúdaithe. Ceapadh na Príomhscileanna chun cabhrú le daltaí foghlaim conas bheith ina bhfoghlaimeoirí agus ina saoránaigh maithe.
• Faisnéis agus Smaointe a Bhainistiú
• Ag Obair le Daoine Eile
• A Bheith Cruthaitheach
• Mé Féin a Bhainistiú
• A Bheith Folláin
• Cumarsáid a Dhéanamh
Gnéithe den fhoghlaim a bheidh iontu agus beidh tuiscint níos soiléire ag daltaí ar an méid atá á fhoghlaim acu sa tsraith shóisearach agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu. Ní dhéanfar an measúnú ar fad a thuilleadh i halla scrúdaithe i mí an Mheithimh sa tríú bliain. Ina ionad sin, beidh deis ag daltaí tionchar a imirt ar an toradh deireanach sin ó thús an dara bliain amach. Gheobhaidh siad aiseolas níos fearr ar a gcuid foghlama agus beifear ag súil le tuilleadh uathu, dá réir.
Beidh an deis acu sna gearrchúrsaí staidéar a dhéanamh ar ábhair agus ar réimsí a bhfuil gaol níos dírí acu lena leasanna féin, lena gcumais agus le nearta a gcuid scoileanna, agus a léiríonn raon níos forleithne gníomhaíocht scoile agus pobail. Is cinnte go rachaidh an laghdú ar bhrú agus an fhoghlaim a bheith níos ábhartha chun tairbhe na foghlama agus na gnóthachtála araon.
Agus toisc torthaí foghlama a bheith ar gach comhpháirt curaclaim déanfar scileanna litearthachta agus uimhearthachta a chur ar aghaidh ar shlí chomhtháite a chabhróidh le daltaí forchéimniú go féinmhuiníneach i dtreo oideachas na sraithe sinsearaí.
Barr an leathanaigh
10)
Cé na difríochtaí a bheidh ann do na múinteoirí?
An t-athrú is mó ar fad do mhúinteoirí ná an tslí a measúnófar an fhoghlaim agus a dtabharfar aiseolas do dhaltaí ina taobh i ngach cuid den tsraith. Díreofar ar dhul chun cinn agus ar na chéad chéimeanna eile agus ar thuairisciú níos fearr a dhéanamh le tuismitheoirí ar cé mar atá ag éirí lena bpáistí mar fhoghlaimeoirí. Beidh teacht ag múinteoirí (agus ag tuismitheoirí agus daltaí) ar shamplaí d'obair daltaí a thaispeánfaidh an caighdeán oibre a mbeidh súil leis ag céimeanna éagsúla den tsraith shóisearach. Beidh obair á measúnú ag múinteoirí do phunann nua a áireofar mar 40% den ghrád sa scrúdú deiridh i ngach ábhar, agus mar 100% de na marcanna sna gearrchúrsaí.
Is mór an t-athrú a bheidh anseo do mhúinteoirí na hÉireann! Ní traidisiún láidir é traidisiún an mheasúnaithe in oiliúint múinteoirí, agus ba nós le múinteoirí go dtí seo measúnú a dhéanamh i bhfoirm scrúduithe amháin. Is cosúil ó thaighde a rinneadh in Éirinn agus lasmuigh de gur féidir leis an gcur chuige seo cultúr ranga a chothú ina gcreideann an dalta gurb ar an múinteoir atá cúram a gcuid foghlama agus gur faoin mhúinteoir atá sé 'iad a ullmhú don scrúdú'.
Tá imní ar mhúinteoirí faoin gcúram nua a bheidh orthu marcanna a thabhairt a áireofar sa scrúdú deiridh, i bhfianaise an méid airde a thugtar ar scrúduithe sna meáin agus i measc an phobail. Chun na pobail sin a shuaimhniú, agus chun féachaint chuige go gcaithfear go cothrom le daltaí beag beann ar an scoil ina bhfuil siad, ní hiad na múinteoirí a shocróidh na marcanna deiridh. Bronnfar 60% de mharcanna i gcónaí ar thorthaí an scrúdaithe dheiridh agus beidh próiseas modhnóireachta seachtraí ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) do cháilíochtaí na sraithe sóisearaí.
Barr an leathanaigh
11) Conas a fhéachfar chuige nach dtiocfaidh aon mheath ar chaighdeáin?
Cinnteoidh sonraíochtaí curaclaim na n-ábhar agus na ngearrchúrsaí go mbeidh scoileanna, daltaí agus tuismitheoirí soiléir i dtaobh na leibhéal gnóthachtála a mbeidh súil acu leo ó dhaltaí. Déanfar an caighdeán foghlama a mbeidh súil leis i ngach sonraíocht (in ábhair agus i ngearrchúrsaí) a mhíniú go cuimsitheach.
Déanfaidh CSS scrúduithe scríofa i ngach ábhar a mharcáil mar scrúdaitheoirí seachtracha. Athdhearbhú éigin ar an gcaighdeán a bheidh ann fad a bheidh an córas ag dul i dtaithí ar na dúshláin a ghabhfaidh le struchtúr measúnachta níos cineachta le haghaidh cáilíochtaí. Déanfaidh CSS modhnóireacht sheachtrach ar chomhpháirt punainne na n-ábhar.
Soláthróidh an CNCM ábhair threoracha do scoileanna a chabhróidh leo gearrchúrsaí ar chaighdeán oiriúnach a fhorbairt. Gheofar eolas breise mar gheall ar na cáilíochtaí nua sraithe sóisearaí ag
http://ncca.ie/framework/doc/Tables5_6.pdf
Barr an leathanaigh
|