Ráiteas Príobháideachta

Láithreán Gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)
Baineann an ráiteas seo le cleachtais phríobháideachta an láithreáin Ghréasáin seo. Níl an CNCM freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachta láithreán Gréasáin eile. Tá naisc sheachtracha ar bith chuig láithreáin Ghréasáin eile le haithint go soiléir. Tá míniú ar roinnt de na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo i ndeireadh an leathanaigh seo.
Ráiteas Ginearálta

Tá meas iomlán ag an CNCM ar do cheart chun príobháideachta, agus ní bhaileoidh siad faisnéis phearsanta ar bith fút ar an láithreán Gréasáin gan do chead cinnte. Caithfear le faisnéis phearsanta ar bith a dheonaíonn tú don CNCM leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, go docht faoi réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid

Ní bhailíonn an CNCM sonraí pearsanta ar bith fút ar an láithreán Gréasáin seo, seachas eolas a dheonaíonn tú (mar shampla trí r-phost a chur chugainn nó trí shuirbhé ar líne nó ar fhoirm aiseolais). Má thugann tú faisnéis phearsanta dúinn go deonach mar fhreagra ar cheistneoir nó ar shuirbhé, úsáidfear na sonraí do chuspóirí taighde nó anailíse amháin. Faisnéis ar bith a chuireann tú ar fáil ar an dóigh sin, ní dháiltear í ar thríú páirtithe ar bith, agus úsáideann an CNCM í don chuspóir dar chuir tú ar fáil í amháin.

Faisnéis theicniúil a bhailiú agus a úsáid

Ní úsáideann an láithreán Gréasáin seo fianáin, seachas fianáin ‘seisiúin’ shealadacha a chumasaíonn brabhsálaí gréasáin an chuairteora chun cuimhneamh ar na leathanaigh ar an láithreán gréasáin seo ar tugadh cuairt orthu cheana. Féadfaidh cuairteoirí an láithreán gréasáin seo a úsáid gan feidhmiúlacht a chailliúint má dhéantar fianáin a mhíchumasú ón mbrabhsálaí gréasáin.
Déanann ár soláthraí seirbhíse idirlín mionsonraí teicniúla a bhaineann le cuairteanna ar an láithreán gréasáin seo a lógáil dár gcuspóirí staitistice. Ní bhailítear faisnéis ar bith a thiocfadh linn a úsáid chun cuairteoirí ar an láithreán gréasáin a aithint. Tá na mionsonraí teicniúla a logáiltear teoranta do na míreanna seo a leanas:
• seoladh IP fhreastálaí gréasáin an chuairteora
• an t-ainm fearainn ardleibhéil a úsáidtear (mar shampla , .ie, .com, .org, .net)
• seoladh an láithreáin Ghréasáin a d’úsáid an cuairteoir chun teacht orainn roimhe seo, agus téarmaí cuardaigh ar bith eile a úsáideadh
• sonraí clicsrutha a thaispeánann trácht na gcuairteoirí thart ar an láithreán gréasáin seo (mar shampla, leathanaigh a dtángthas orthu agus doiciméid a íoslódáladh)
• an cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann cuairteoir an láithreáin ghréasáin.

Ní dhéanfaidh an CNCM iarracht ar bith cuairteoirí indibhidiúla a aithint, nó na mionsonraí teicniúla atá liostaithe thuas a cheangal le hindibhid ar bith. Is é polasaí na CNCM gan faisnéis theicniúil dá leithéid faoi chuairteoirí indibhidiúla an láithreáin Ghréasáin a nochtadh riamh do thríú páirtí ar bith (seachas ár soláthraí seirbhíse idirlín, a thaifeadann sonraí dá leithéid ar ár son agus atá faoi cheangal ag forálacha rúndachta ina leith), mura mbí oibleagáid orthu faisnéis dá leithéid a nochtadh de réir dlí. Is é an CNCM amháin a úsáidfidh an fhaisnéis theicniúil, agus sin do chuspóirí staitistice agus cuspóirí riaracháin eile amháin. Tabhair faoi deara le do thoil nach “sonraí pearsanta” iad mionsonraí teicniúla nach féidir linn iad a cheangal le hindibhidí aitheanta ar bith do chuspóirí na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Gluais de théarmaí teicniúla a úsáidtear

brabhsálaí gréasáin
An píosa bogearra a úsáideann tú chun leathnaigh ghréasáin a léamh, mar shampla, Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.

seoladh IP
Na mionsonraí sainaitheanta ar do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín) atá tugtha i gcód an “phrótacail idirlín” (mar shampla 192.168.72.34).Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte den ghréasán, cé go mb’fhéidir nárbh é an seoladh céanna é gach uair a dhéantar ceangal.

fianáin
Píosaí beaga faisnéise, iad stóráilte i gcomhaid téacs shimplí, agus curtha ar do ríomhaire ag láithreán Gréasáin. Féadfaidh an láithreán Gréasáin na fianáin a léamh nuair a thugann tú cuairteanna eile ar ball. An fhaisnéis atá stóráilte i bhfianán, d’fhéadfadh go mbainfeadh sí le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó uimhir aitheantais shainiúil ionas go “gcuimhneoidh” an láithreán Gréasáin ort nuair a thugann tú cuairt air arís. Go ginearálta, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin óna bhféadfaí tú a aithint, mura mbíonn faisnéis dá leithéid tugtha agat féin don láithreán gréasáin.

Láithreán Gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)

Fógra Cóipchirt

Tá an t ábhar ar an láithreán gréasáin seo faoi chosaint ag cóipcheart. Tá atáirgeadh ábhar ón láithreán Gréasáin seo údaraithe d’úsáid phearsanta. Nuair a eisítear an t-ábhar do dhaoine eile, ní mór an fhoinse, an URL agus stádas cóipchirt san áireamh, a admháil. Is leis an CNCM an cóipcheart in ábhar a atáirgtear as an láithreán Gréasáin seo.

Ní shíneann cead chun ábhar cóipchirt a atáirgeadh d’ábhar ar bith ar an láithreán seo a d’fhéadfaí gur le tríú páirtí é. Ní mór údarás chun ábhar dá leithéid a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt atá i gceist.
Séanadh Dlíthiúil

Tá an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo á cur ar fáil ar chuspóirí eolais ghinearálta amháin, ar mhaithe leis an leas poiblí. Cé go ndearnadh gach iarracht chun cruinneas na faisnéise ar an láithreán gréasáin a chinntiú, ní thugann an CNCM ná a foireann ráthaíocht, gealltanas ná barántaí ar bith ina leith, agus ní ghlacann siad dliteanas ar bith ag éirí as earráidí nó easnaimh ar bith. Earráidí nó easnaimh a chuirtear ar a súile don CNCM, déanfar iad a cheartú a luaithe agus is féidir.

Dearcthaí, tuairimí agus treoir ar bith atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo, is ar chuspóirí eolais ghinearálta amháin a solathraíodh iad, agus níltear ag maíomh gur comhairle dhlíthiúil iad ná léirmhíniú cinnte deiridh ar an dlí. Aon duine a bheadh ag machnamh ar chaingean dhlíthiúil maidir leis na cúrsaí atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo, ba cheart dó/di comhairle a fháil ó chomhairleach gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige/aici.

Níor chóir glacadh leis gurb é dearcadh deiridh na CNCM é dearcadh, tuairimí agus treoir ar bith atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo. Dá réir sin, cosnaíonn an CNCM a ceart cinntí a dhéanamh atá éagsúil le dearcthaí, tuairimí agus treoir ar bith a d’fhéadfadh a bheith leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo.

Nasc ar bith ón láithreán gréasáin seo go dtí láithreáin ghréasáin sheachtracha, nach í an CNCM a dhéanann cothabháil orthu, is mar áis amháin a chuirtear ar fáil iad, agus ní cóir glacadh leis go ndéanann an CNCM formhuiniú ar ábhair nó ar chleachtais na láithreán gréasáin seachtracha sin, láithreáin ghréasáin nach nglacann an CNCM freagracht ar bith ina leith.

Nasc Cosanta Sonraí

Baineann cosaint sonraí le cosaint do chearta bunaidh ar phríobháideacht agus do chearta smachta ar an úsáid a bhaintear as eolas pearsanta. Is é aidhm an láithreáin ghréasáin seo a leanas cuidiú leat na cearta sin achur i bhfeidhm, tríd an eolas atá de dhíth ort a thabhairt duit.
http://www.dataprivacy.ie/

Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí

Athúsáid Rialachán Eolais na hEarnála Poiblí 2005 (IR 279 de 2005)
Cloíonn an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) leis na rialacháin maidir le hAthúsáid Eolais na hEarnála Poiblí agus tacaímid le hathúsáid an eolais a sholáthraimid.
Tá an t-eolas ar ár láithreán gréasáin faoi chóipcheart na CNCM ach sa chás go ndeirtear a mhalairt.Féadfaidh tú an t-eolas ar an láithreán gréasáin seo a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith faoi réir an cheadúnais PSI is déanaí ag an Tairseach um Athúsáid Eolais Earnála Poiblí http://www.psi.gov.ie/
Tá sé dóchúil go mbeidh ábhar a sholáthraíonn aon tríú páirtí, lena n-áirítear naisc le láithreáin ghréasáin eile faoi chóipcheart an údair. Caithfear cead aon ábhar mar é a chóipeáil nó a úsáid a fháil ón údar.
Áirítear ar athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sé chomh maith taighde agus staidéar neamhthráchtála.
Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
• ní mór duit aitheantas a thabhairt d’fhoinse an eolais agus dár gcóipcheart i gcásanna ina soláthraíonn tú an t-eolas do dhaoine eile
• ní mór duit an t-eolas a atáirgeadh go cruinn
• ní ceadmhach an t-eolas a úsáid ar bhealach míthreorach
• ní ceadmhach duit an t-eolas a úsáid do chúrsaí fógraíochta go príomha nó chun táirge nó seirbhís ar leith a chur chun cinn
• ní ceadmhach an t-eolas a úsáid le haghaidh nó chun tacú le críocha mídhleathacha, neamh-mhorálta, calaoiseacha, nó mímhacánta nó ar bhealach a thabharfadh formhuiniú ón gCNCM le tuiscint

Ní ceadmhach duit aon suaitheantas, lógó nó marc an Stáit, roinn rialtais nó comhlacht arna rialú ag dlí poiblí, ach sa chás gur cuid de dhoiciméad atá á athúsáid an suaitheantas, lógó, nó marc.
Níl an CNCM inchurtha faoi phionós nó dhliteanas maidir le athúsáid eolais agus ní dheimhníonn an Chomhairle go bhfuil an t-eolas cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní bhronnann an CNCM ceart eisiatach ar aon úsáideoir maidir le hathúsáid a cuid eolais.
Coimeádann an CNCM an t-eolas seo a leanas ar a láithreán gréasáin:
Eolas maidir leis an gCNCM
Eolas ar curaclaim agus measúnacht
Oideachas Luath-Óige agus Bunscoile
Oideachas Iar-Bhunscoile
Eolas ar fhoilseacháin
Nuacht/Preas
Naisc
Teagmháil
Saoráil Faisnéise
Le haghaidh eolas breise ar athúsáid eolas arna choimeád ag an gCNCM:
Ms. Aine Armstrong Farrell
Oifigeach SF
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
24 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
T. +353 1 661 7177
F. +353 1 661 7180
info@ncca.ie

Láithreán Gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)

Fógra Cóipchirt

Tá an t ábhar ar an láithreán gréasáin seo faoi chosaint ag cóipcheart. Tá atáirgeadh ábhar ón láithreán Gréasáin seo údaraithe d’úsáid phearsanta. Nuair a eisítear an t-ábhar do dhaoine eile, ní mór an fhoinse, an URL agus stádas cóipchirt san áireamh, a admháil. Is leis an CNCM an cóipcheart in ábhar a atáirgtear as an láithreán Gréasáin seo.
Ní shíneann cead chun ábhar cóipchirt a atáirgeadh d’ábhar ar bith ar an láithreán seo a d’fhéadfaí gur le tríú páirtí é. Ní mór údarás chun ábhar dá leithéid a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt atá i gceist.

Séanadh Dlíthiúil

Tá an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo á cur ar fáil ar chuspóirí eolais ghinearálta amháin, ar mhaithe leis an leas poiblí. Cé go ndearnadh gach iarracht chun cruinneas na faisnéise ar an láithreán gréasáin a chinntiú, ní thugann an CNCM ná a foireann ráthaíocht, gealltanas ná barántaí ar bith ina leith, agus ní ghlacann siad dliteanas ar bith ag éirí as earráidí nó easnaimh ar bith. Earráidí nó easnaimh a chuirtear ar a súile don CNCM, déanfar iad a cheartú a luaithe agus is féidir.
Dearcthaí, tuairimí agus treoir ar bith atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo, is ar chuspóirí eolais ghinearálta amháin a solathraíodh iad, agus níltear ag maíomh gur comhairle dhlíthiúil iad ná léirmhíniú cinnte deiridh ar an dlí. Aon duine a bheadh ag machnamh ar chaingean dhlíthiúil maidir leis na cúrsaí atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo, ba cheart dó/di comhairle a fháil ó chomhairleach gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige/aici.

Níor chóir glacadh leis gurb é dearcadh deiridh na CNCM é dearcadh, tuairimí agus treoir ar bith atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo. Dá réir sin, cosnaíonn an CNCM a ceart cinntí a dhéanamh atá éagsúil le dearcthaí, tuairimí agus treoir ar bith a d’fhéadfadh a bheith leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo.


Nasc ar bith ón láithreán gréasáin seo go dtí láithreáin ghréasáin sheachtracha, nach í an CNCM a dhéanann cothabháil orthu, is mar áis amháin a chuirtear ar fáil iad, agus ní cóir glacadh leis go ndéanann an CNCM formhuiniú ar ábhair nó ar chleachtais na láithreán gréasáin seachtracha sin, láithreáin ghréasáin nach nglacann an CNCM freagracht ar bith ina leith.

Nasc Cosanta Sonraí

Baineann cosaint sonraí le cosaint do chearta bunaidh ar phríobháideacht agus do chearta smachta ar an úsáid a bhaintear as eolas pearsanta. Is é aidhm an láithreáin ghréasáin seo a leanas cuidiú leat na cearta sin achur i bhfeidhm, tríd an eolas atá de dhíth ort a thabhairt duit.
http://www.dataprivacy.ie/

Saoráil Faisnéise

Le cois a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), tá an CNCM tiomanta d'eolas a chur ar fáil faoina gníomhaíochtaí agus faoina seirbhísí agus do chinntiú go ndéileáiltear go tráthúil le gach fiosrú.Gníomhaíochtaí agus faoina seirbhísí agus do chinntiú go ndéileáiltear go tráthúil le gach fiosrú. Cuideoidh na fadhbanna coitianta seo a leanas (FAQ) leo siúd ar mhian leo iarratas a dhéanamh faoin Acht SF.

Q: Cad é SF?
A: Foráltar leis an Acht SF go bhfuil na cearta dlíthiúla úra a leanas ag gach duine ón 21 Aibreán, 1998,:
• ceart rochtana ar thaifid oifigiúla atá á gcoinneáil ag Ranna Rialtas nó comhlachtaí poiblí eile atá liostaithe san Acht;
• ceart ar fhaisnéis phearsanta fúthu a cheartú agus a nuashonrú nuair is faisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach an t eolas sin; agus
• ceart míniú a fháil ar chinntí a ghlac comhlachtaí poiblí agus a dhéanann difear dóibh.
Is é a chiallaíonn na cearta sin, go bhfuil daoine, ón 21 Aibreán, 1998, i leith, i dteideal rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a coinníodh fúthu – is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis – agus ar thaifid eile a cruthaíodh i ndiaidh 21 Áibreán, 1998.

Q: Cé na taifid is féidir a iarraidh?
A: Tá na taifid a leanas inrochtana faoin Acht:
• gach taifead a cruthaíodh tar éis thosach feidhme an Achta 21ú Aibreán, 1998:
• taifid phearsanta uile an chliaint, cibé cén uair a cruthaíodh iad;
• taifid uile foirne a cruthaíodh i ndiaidh 21ú Aibreáin, 1995, nó níos luaithe má rinnneadh iad a úsáid go dochrach i gcoinne baill foirne, agus gach taifead a cruthaíodh níos luaithe má bhí siad de dhíth chun taifid a cruthaíodh i ndiaidh an dáta sin a thuiscint

Q: Cén chaoi a ndéanfaidh mé Iarratas SF chuig an gComhairle?
A: Is féidir leat iarratas scríofa a chur chuig:
Ms. Aine Armstrong Farrell
Oifigeach Saoráil Faisnéise
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
24 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
T. +353 1 661 7177
F. +353 1 661 7180
info@ncca.ie

Ba cheart an méid seo a leanas a bheith i d’iarratas:
• ráiteas go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht SF;
• a oiread faisnéise agus is féidir faoi na taifid atáthar a lorg; agus
• sonraíocht faoi fhoirm na gcóipeanna atáthar a iarraidh.

Q: Cén costas a bheidh air?
A: Ó 7 Iúil 2003, is í €15 an ghnáth-tháille iníoctha ar gach iarratas. Is féidir gur táille laghdaithe €10 a bheidh le híoc má tá cárta leighis ag an iarrthóir
Tá na hiarratais a leanas slán ar an táille:
• Gach iarraidh faoi alt 7 ar thaifead a bhaineann le faisnéis phearsanta faoin iarrthóir amháin
• iarratas faoi alt 17 (ceart ar thaifid a leasú nuair a bhaineann sé le faisnéis phearsanta)
• iarratas faoi alt 18 (ceart duine ar fhaisnéis faoi ghníomhartha chomhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine)
Is féidir cóip chrua den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 agus den Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003 a fháil ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2.
Naisc ghaolmhara
Guide to the functions and records of the National Council for Curriculum and Assessment: Sections 15 & 16 Reference Book
Leathanach Baile Oifig an Choimisinéara Faiséise
An tAcht SF & Rialúcháin SF
Treoir maidir leis an Acht
Láraonad Polasaí SF, An Roinn Airgeadais

Ráiteas i dtaobh Inrochtaineachta

Leanann láithreáin Ghréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta treoirlínte maidir le rochtaine leagtha amach ag an W3C (Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda). Soláthraíonn WAI (Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin) an W3C treoirlínte i dtaobh inrochtaine ar pointe cóimheasa aitheanta idirnáisiúnta iad maidir le hinrochtaine.
Agus na láithreáin seo á ndearadh, rinneamar iarracht riachtanais (critéir ratha) agus teicnící Threoirlínte an WAI um Inrochtaine Inneachair Ghréasáin (WCAG) 2.0 a chomhlíonadh.


Méid téacs a athrú i do bhrabhsálaí

Féach, le do thoil, gur féidir méid téacs a athrú i do bhrabhsálaí:
• i gcás Internet Explorer agus Mozilla Firefox, roghnaigh méid Téacs ón roghchlár Amharc (View).
• nó coinnigh do mhéar ar an eochair Rialúcháin (CTRL) agus úsáid scrollroth do luchóige
• nó coinnigh do mhér ar an eochair Rialúcháin agus cliceáil ar na cnaipí + agus -
• más brabhsálaí eile atá in úsáid agat, ceadaigh Cabhair (Help) an bhrabhsálaí go bhfeice tú conas méid téacs a athrú.


Teicneolaíochtaí reatha

Baineann na láithreáin Ghréasáin seo úsáid as teicneolaíochtaí W3C (Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda), áit is féidir. Bailíochtaíonn leathanaigh mar XHTML 1.0 Transitional agus CSS2, ag cinntiú go n-oibríonn siad le raon leathan brabhsálaithe.
Baineann na láithreáin úsáid chomh maith as an teicneolaíocht neamh-W3C seo a leanas:

• Formáid Doiciméad Iniompartha (PDF): Is san fhormáid seo amháin a gheofar doiciméid áirithe ar an láithreán seo. Chuige sin ní mór duit bogearraí Adobe Acrobat Reader saor in aisce a íoslódáil agus a shuiteáil. D'fhéadfadh sé nach gcomhlíonfadh roinnt PDFanna a cruthaíodh roimh Adobe Acrobat leagan 5 na treoirlínte inrochtaineachta.

Munar féidir leat teacht a fháil ar an eolas in aon doiciméad PDF cuir scéala chuig info@ncca.ie
Eolas breise

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta tiomanta do láithreáin Ghréasáin na Comhairle a dhéanamh inrochtaine don uile dhuine, beag beann ar chumas.
Déanfar dlúthmhonatóireacht leanúnach ar fhorbairtí agus ar athruithe i dtreoirlínte WAI agus ar an gcleachtas is fearr maidir le láithreáin Ghréasáin go ginearálta.

Má bhraitheann tú go bhféadfadh an láithreán Gréasáin seo a bheith níos fusa le húsáid, nó má deacracht agat teacht ar aon eolas nó más amhlaidh nach féidir leat teacht ar aon chuid den láithreán, iarrtar ort ríomhphost a chur chuig info@ncca.ie agus 'Inrochtaine an Láithreáin Ghréásáin' a chur sa líne ábhair.

Nuashonraíodh an ráiteas inrochtaineachta seo den uair dheiridh in Aibreán 2009.

 

 

 

 
 
www.ncca.ie