NUACHT
NUA! Cruthaitheoir Cárta Tuairisce

Bain triail as Cruthaitheoir Cárta Tuairisce an CNCM atá ar fáil ag www.reportcard.ncca.ie/ga. Is féidir le bunscoileanna an áis ar líne seo a úsáid chun a gcártaí tuairisce dalta féin a chruthú trí sheacht gcéim shimplí a leanúint. Tugann an Cruthaitheoir Cárta Tuairisce réimse roghanna do scoileanna chun cabhrú leo na riachtanais tuairiscithe ar leith atá acu a chomhlíonadh. Is féidir le scoileanna an Cruthaitheoir Cárta Tuairisce a úsáid nó na naoi dTeimpléad Cárta Tuairisce bunaidh chun an riachtanas tuairiscithe do scoileanna atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa chiorclán Céimeanna Tosaigh Maidir le Cur Chun Feidhme na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthach.
Cúrsa nua do Mhic Léinn na hIdirbhliana sa tSínis agus i gCultúr na Síne seolta ag an Aire
Tá aonad idirbhliana ar an tSínis agus ar chultúr na Síne forbartha ag an CNCM agus ag Institiúid Confucius COBÁC. Rinneadh an t-aonad a dhearadh le blaiseadh a tabhairt do mhic léinn de ghnéithe traidisiúnta agus nua-aoiseacha de chultúr na Síne agus le tacú le mic léinn a thugann faoin tSínis.
Líonra de Scoileanna don tSraith Shóisearach.
Reáchtáladh an cruinniú tionscnaimh ag an Líonra de Scoileanna don tSraith Shóisearach. Bí ag faire amach d'achmhainní nua ar an rannóg don tSraith Shóisearacha ar an suíómh Gréasáin. Ag teacht go luath.
Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin nua na Sraithe Sóisearaí anseo
Gliogáil anseo le liosta na scoileanna ar éirigh leo ina n-iarratas bheith páirteach i Líonra na Sraithe Sóisearaí a fheiceáil

Tuarascálacha maidir le toradh comhchomhairliúchán faoi Ghearrchúrsaí sa tSraith Shinsearach, faoin gCorpoideachas agus faoin Eolaíocht
Ag éirí as comhchomhairliúchán forleathan faoi dhá ghearrchúrsa, trí ábhar eolaíochta agus faoin gcorpoideachas ag an tsraith shinsearach, tá fáil anois ar na tuarascálacha maidir leis an toradh ar an gcomhchomhairliúchán. Ghlac idir mhúinteoirí, scoláirí, tuistí, lucht ábhartha gnó agus eile páirt sa phróiséas trí shuirbhéanna, seimineáir, fócasghrúpaí, cruinnithe agus trí aighneachtaí i scríbhinn.
Brigid McManus le bheith ina cathaoirleach ar an CNCM
Tá Brigid McManus, iarArd-Rúnaí Ginearálta An Roinn Oideachais agus Scileanna ceaptha ag an Aire mar chathaoirleach ar an gComhairle nuacheaptha. Dúirt an tAire gur ábhar lúcháire dó é 'bheith in ann duine le taithí Brigid McManus a cheapadh don ról tábhachtach seo'. Chomh maith leis sin tá Clive Byrne, Stiúrthóir Chumann Náisiúnta Príomhóidí agus Príomhoidí Tánaisteacha ceaptha mar ainmní an Aire.
Nua! Tástáil chaighdeánaithe: An Nuacht is déanaí do Thuismitheoirí
Tá na bileoga do thuismitheoirí a mhíníonn an chiall a bhaineann le scóir chaighdeánaithe athscríofa de réir na riachtanais nua do scoileanna atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa chiorclán Céimeanna Tosaigh Maidir le Cur Chun Feidhme na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthach. Tá na bileoga ar fáil i réimse teangacha. Gheofar anseo na bileoga.

Tugadh cuireadh don CNCM bheith páirteach i Líonra Eorpach ar Phríomhscileanna. Tá deich dtír páirteach ann cheana. Beidh eiseamláirí ó scoileanna, ó lucht oiliúna múinteoirí agus ó eagraíochtaí eile oideachais ag teastáil uainn as seo go ceann bliana nó mar sin a léiríonn an dea-chleachtas maidir le príomhscileanna. Bí ag faire amach anseo le teacht ar níos mó eolais faoi agus freisin faoin tslí inar féidir leatsa eolas a roinnt linn faoi thionscnamh a bhfuil baint agat féin leis. Líonra Eorpach ar Phríomhscileanna
Cad chuige an t-oideachas bunscoile?
Cad chuige an t-oideachas bunscoile do pháistí anois agus feasta, dar leatsa? Éist lena bhfuil ráite ag daoine eile ar an suíomh gréasáin www.childrentheirlivestheirlearning.ie agus bíodh do ghuth san áireamh. Tá sé tábhachtach go bhfuilimid soiléir faoina bhfuil meas againn air, agus muid ag tosú ar churaclam comhtháite teanga do bhunscoileanna a fhorbairt, ag tosú le ranganna na naíonán.
Comhairliúchán nua faoin tsraith shinsearach
Tá siollabais nua san eolaíocht agus sa chorpoideachas ag leibhéal na sraithe sinsearaí i measc na réimsí faoina bhfuiltear ag dul i gcomhairle idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair. Féach ar leathnaigh an chomhairliúcháin agus bíodh do thuairimí san áireamh.
Forbairtí i dtaca le Curaclam na Bunscoile
Tá tús curtha le curaclam comhtháite nua a fhorbairt do theangacha (Gaeilge agus Béarla) a dhíreoidh i dtosach báire ar ranganna na naíonán. Féach ar an obair go dáta atá déanta ag an Líonra Bunscoile i dtaca le teangacha i mbunscoileanna primary language agus measúnacht assessment ar an láithreán Gréasáin ACTION