Athúsáid Rialachán Eolais na hEarnála Poiblí 2005 (IR 279 de 2005)
Cloíonn an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) leis na rialacháin maidir le hAthúsáid Eolais na hEarnála Poiblí agus tacaímid le hathúsáid an eolais a sholáthraimid.
Tá an t-eolas ar ár láithreán gréasáin faoi chóipcheart na CNCM ach sa chás go ndeirtear a mhalairt.Féadfaidh tú an t-eolas ar an láithreán gréasáin seo a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith faoi réir an cheadúnais PSI is déanaí ag an Tairseach um Athúsáid Eolais Earnála Poiblí http://www.psi.gov.ie/
Tá sé dóchúil go mbeidh ábhar a sholáthraíonn aon tríú páirtí, lena n-áirítear naisc le láithreáin ghréasáin eile faoi chóipcheart an údair. Caithfear cead aon ábhar mar é a chóipeáil nó a úsáid a fháil ón údar.
Áirítear ar athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sé chomh maith taighde agus staidéar neamhthráchtála.
Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
- ní mór duit aitheantas a thabhairt d’fhoinse an eolais agus dár gcóipcheart i gcásanna ina soláthraíonn tú an t-eolas do dhaoine eile
- ní mór duit an t-eolas a atáirgeadh go cruinn
- ní ceadmhach an t-eolas a úsáid ar bhealach míthreorach
- ní ceadmhach duit an t-eolas a úsáid do chúrsaí fógraíochta go príomha nó chun táirge nó seirbhís ar leith a chur chun cinn
- ní ceadmhach an t-eolas a úsáid le haghaidh nó chun tacú le críocha mídhleathacha, neamh-mhorálta, calaoiseacha, nó mímhacánta nó ar bhealach a thabharfadh formhuiniú ón gCNCM le tuiscint
Ní ceadmhach duit aon suaitheantas, lógó nó marc an Stáit, roinn rialtais nó comhlacht arna rialú ag dlí poiblí, ach sa chás gur cuid de dhoiciméad atá á athúsáid an suaitheantas, lógó, nó marc.
Níl an CNCM inchurtha faoi phionós nó dhliteanas maidir le athúsáid eolais agus ní dheimhníonn an Chomhairle go bhfuil an t-eolas cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní bhronnann an CNCM ceart eisiatach ar aon úsáideoir maidir le hathúsáid a cuid eolais.
Coimeádann an CNCM an t-eolas seo a leanas ar a láithreán gréasáin:
Eolas maidir leis an gCNCM
Eolas ar curaclaim agus measúnacht
Oideachas Luath-Óige agus Bunscoile
Oideachas Iar-Bhunscoile
Eolas ar fhoilseacháin
Nuacht/Preas
Naisc
Teagmháil
Saoráil Faisnéise
Le haghaidh eolas breise ar athúsáid eolas arna choimeád ag an gCNCM:
Ms. Aine Armstrong Farrell
Oifigeach SF
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
35 Cearnóg Mhic Liam
Baile Átha Cliath 2
T. +353 1 661 7177
F. +353 1 661 7180
info@ncca.ie