Síntiús don nuachtlitir

Comhairliúcháin

Fáilte go dtí an roinn comhairliúcháin ar láithreán Gréasáin na Comhairle. Tá an chéad chéim glactha agat chun do thuairim a chur in iúl mar gheall ar an méid a bheidh á mhúineadh, á fhoghlaim agus á mheasúnú i ngach suíomh, ón oideachas luathóige go dtí an bhunscoil agus as sin go dtí an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach san iarbhunscoil.

Ba mhór againn é dá mbeifeá rannpháirteach in aon cheann de na seisiúin chomhairliúcháin thíos is cuma cé thú féin: foghlaimeoir, mac léinn tríú leibhéal, tuismitheoir, múinteoir, déantóir beartais, oideachasóir, príomhoide, ball den phobal ar spéis leis nó léi an t-ábhar nó ionadaí eagraíochta – tá an smaoineamh agat, beidh guth ag cách!

Coimeád súil ar an leathanach seo sna míonna amach romhainn mar beidh go leor seisiún comhairliúcháin eile le fógairt. Beidh tuairimí á mbailiú againn chomh maith ó choistí na Comhairle tríd an obair atá ar bun againn leis na scoileanna.  Gabhaim buíochas leat as ucht an t-am a thógáil chun bheith páirteach i dtreorú agus i dtacú le hathruithe ar an oideachas in Éirinn.

An tSraith Shinsearach

Ba mhór againn do thuairimí faoi mar a d’fhéadfadh athruithe ar churaclam agus ar mheasúnacht fíordhifear a dhéanamh do scoláirí na sraithe sinsearaí agus dá múinteoirí. Féach ar na leathnaigh éagsúla thíos agus bíodh do ghuth san áireamh.


Towards Learning


Science
PE

Short Courses

 Children their lives their learning

Image of conference website banner
Féach ar ár suíomh gréasáin úrnua, mar ar féidir teacht ar phodchraoltaí físeáin de dhaoine cruthaitheacha, de ghairmithe, d’oideachasóirí, den lucht gnó agus lucht na meán. Tá a dhearcadh féin ag gach cainteoir faoi leanaí agus saol leanaí in Éirinn sa bhliain 2011 chomh maith leis na cineálacha bunscoileanna atá de dhíth orthu agus orainn araon. Ábhar machnaimh is ea iad agus muid ag tosú ar chéim spreagúil den obair atá ar bun chun curaclam comhtháite teanga a fhorbairt do bhunscoileanna .www.childrentheirlivestheirlearning.ie

Innovation happens: Classrooms as sites of change

Cad í an uair dheireanach gur chuala tú trácht ar an nuálaíocht nach raibh sí ceangailte le comhrá faoin ngeilleagair ach i gcomhthéacs cultúrtha agus na sochaithe? Ar rith sé riamh leat go mbíonn nuálaíocht le brath i seomraí ranga agus suíomhanna oideachais luathóige? Seo cuid de na ceisteanna atá á gcur i do láthair i bpáipéar agus i bhfíseán atá déanta ag an CNCM dar teideal Innovation Happens, a bhfuil sé mar aidhm acu scoileanna a chur san áireamh sa phlé agus sa chomhrá faoin nuálaíocht.

Sé smaoineamh faoin nuálaíocht san oideachas atá mar phríomhfhócas san fhíseán agus sa pháipéar. Tá ceist ort ag tús gach cinn díobh, agus ba mhór againn do thuairimí fúthu a fháil – trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.

Innovation Happens Thumb
Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie