Síntiús don nuachtlitir

Cuimsiú

Cuimsiú

Cuid lárnach d’obair na CNCM is ea an cuimsiú agus cineál oideachais atá cuimsitheach a chur chun cinn. Déanaimid ár ndícheall béim ar chuimsiú a neadú i ngach a ndéanaimid. Aibhsíonn an leathanach seo na réimsí mar a bhfuil béim ar leith ar fhéachaint chuige gur féidir leis an uile fhoghlaimeoir leas a bhaint as an oideachas.
Alt um Éagsúlacht agus Cuimsiú
; info@ncca (Eanáir 2008)
SEN guidelines image

Riachtanais oideachais speisialta

Díríonn obair an CNCM sa réimse seo ar na bealaí is fearr ar féidir le curaclam agus measúnú freastal ar riachtanais na ndaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu. I láthair na huaire tá Creat Curaclaim á cheapadh againn le haghaidh daltaí sa tsraith shóisearach a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu agus ar dócha nach rachaidh ar aghaidh chuig scrúduithe an Teastais Shóisearaigh. Tuilleadh eolais

Tá treoirlínte ar fáil le haghaidh múinteoirí daltaí faoi mhíchumas foghlama ginearálta agus daltaí sárchumais chun tacú le teagasc agus foghlaim daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthy. Tuilleadh eolais

Detention Framework image

Páistí faoi choimeád agus i scoileanna agus socruithe cúraim

Le deireanas, chuamar i mbun oibre le scoileanna agus le socruithe eile a chuireann oideachas ar fhoghlaimeoirí faoi choimeád agus ar fhoghlaimeoirí a dteastaíonn ardtacaíocht agus ardchúram uathu. Féach an creat curaclaim a ceapadh le húsáid sna scoileanna agus sna socruithe seo. Tuilleadh eolais

Inter image Gaeilge

Oideachas idirchultúrtha

An éagsúlacht a chur chun cinn sa churaclam, mar aon le dúshlán a chur faoin gciníochas: treoirlínte do mhúinteoirí maidir le hoideachas idirchultúrtha i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ar fáil. Tuilleadh eolais

EAL Image

An Béarla mar theanga bhreise

Réitíodh na hábhair seo le haghaidh múinteoirí daltaí bunscoile nach í an Ghaeilge ná an Béarla a dteanga dhúchais. Tuilleadh eolais

 

Míbhuntáiste oideachasúil

Táimid i mbun oibre i láthair na huaire ar chlár-ráiteas leasaithe le haghaidh an Chlár Scoile an Teastais Shóisearaigh(CSTS).

 

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie