Síntiús don nuachtlitir

Riachtanais Speisialta Oideachais

Tá cúram ar an CNCM comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta maidir le riachtanais mac léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta oideachais eile orthu, i gcás curaclaim agus siollabas (An tAcht Oideachais, 1998). Chuir an Chomhairle tús le comhlíonadh na dtéarmaí tagartha seo trí dhul i ngleic le riachtanais mac léinn atá faoi mhíchumais foghlama ghinearálta agus daltaí sárchumais.

Obair reatha

steering wheel image

Treo nua; Alt as info@ncca (Aibreán 2009)

Tá treo nua á ghlacadh ag an CNCM trí fhéachaint ar na bealaí is fearr ar féidir le curaclam agus measúnú freastal ar riachtanais na ndaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu. Táimid ag caint anseo ar dhaltaí nach n-éireoidh leo curaclam príomhshrutha na sraithe sóisearaí a rochtain, fiú le tacaíocht ó mhúinteoirí a úsáideann cineálacha difreáilte cur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama.

Daltaí iad seo atá laistigh de raon na míchumas foghlama ginearálta agus is iad scileanna pearsanta, sóisialta agus gairmoideachais a bpríomhriachtanais foghlama. Ina fhianaise sin, tá creat curaclaim le haghaidh na sraithe sóisearaí á cheapadh ag an CNCM a chuimseoidh an fhoghlaim is tábhachtaí, is tairbhí agus is úsáidí do na daltaí i gceist. Is féidir tuilleadh a léamh mar gheall ar an smaointeoireacht sa réimse seo sa pháipéar thíos. Ba bhreá linn aon tuairimí a fháil i dtaobh na smaointe sa pháipéar i ríomhphost chuig info@ncca.ie

Junior Cycle Curriculum Framework for students with General Learning Disabilities: Towards a discussion paper (Márta 2009)

SEN guidelines image

Treoirlínte le haghaidh múinteoirí daltaí faoi mhíchumas foghlama ginearálta

Tacú le teagasc agus foghlaim daltaí faoi mhíchumas foghlama ginearálta éadroma, measartha, troma agus ginearálta… treoirlínte do mhúinteoirí. Tuilleadh eolais

Exceptionally able image

Daltaí sárchumais: dréacht-treoirlínte do mhúinteoirí

Bíonn roinnt daltaí i ngach aon scoil a dteastaíonn raon níos leithne agus níos doimhne gníomhaíochtaí foghlama uathu ná mar a chuirtear ar fáil do phríomhchohórt na ndaltaí...treoirlínte do mhúinteoirí.  Tuilleadh eolais

 

Doiciméid


Exceptionally Able Students: Draft Report on the Consultation (2008)
Exceptionally Able Students: Draft Guidelines for Teachers (2007)
Guidelines for Teachers of Students with General Learning Disabilities (2007)
Special Educational Needs: Curriculum Issues (1999)
Difreáil
; Alt ó info@ncca (Meán Fómhair 2007)

Naisc ghaolmhara

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Spesialta (NCSE)
Special Education Support Service(SESS)
Irish Association of Teachers in Special Education (IATSE)
Cumann Tacaíochta Foghlama na hÉireann (ILSA)
An tÚdarás Náisiúnta Míchumais NDA)
Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE)

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie