Athbhreithniú na Sraithe Sóisearaí
I ndiaidh neart cruinnithe comhairliúcháin i dtús 2000, ullmhaigh an CNCM plean forbartha do shraith shóisearach an oideachais iar-bhunscoile. Aithníodh roinnt réimsí d’fhorbairt agus do ghníomhú:
Athchothromú siollabas ábhair
Mar fhreagra ar imní Choiste Athbhreithnithe na Sraithe Sóisearaí maidir le ró-lódáil agus forluí curaclaim in ábhair aonair agus idir ábhair, tá an CNCM páirteach faoi láthair i bpróiseas d'athchothromú churaclam na sraithe sóisearaí. Ba chóir go gcinnteodh sé sin gur féidir le scoláirí tabhairt faoina gcuid foghlama mar a samhlaíodh nuair a bunaíodh an tsraith shóisearach. Eile...
Measúnú Chun Foghlama (McF)
Leagann McF béim ar ról gníomhach an ógánach ina t(h)eagasc féin. Is éard atá I gceist leis ná measúnú a úsáid mar uirlis chun foghlaim daltaí a fheabhsú agus chun tacú léi. Tarlaíonn McF roimh cheachtanna, lena linn, agus ina ndiaidh in áit ag deireadh aonaid teagaisc amháin. Cuireann sé ar do chumas difreáil éifeachtúil a dhéanamh agus tugann sé úinéireacht ar a gcuid foghlama do daltaí. Spreagann sé daltaí chun smaoineamh faoina gcuid foghlama in áit a bheith ag súil leis go mbeidh an múinteoir I gceannas. Eile...
Eispéiris daltaí sa tsraith shóisearach
Leanann an tionscnamh ollmhór taighde seo grúpa scoláirí ón uair a n-aistríonn siad chuig an iarbhunscoil go gcríochnaíonn siad an Teastas Sóisearach in dhá scoil déag. Eile...
Tacaíocht do phleanáil curaclaim
Pleanáil d'Fhorbairt Scoile Athbhreithniú Curaclaim don tSraith Shóisearach: Is iad an CNCM agus Foireann Comhordaithe an Tionscnaimh um Phleanáil Fhorbartha Scoile (TPFS) le chéile a d'fhorbair an acmhainn seo. Eile...