Síntiús don nuachtlitir

Forbairtí sa tSraith Shóisearach


Tá céim sroichte anois san fhorás ar an tSraith Shóisearach gur féidir linn móréirim na comhairle atá ullmhaithe don Aire a roinnt. Le foghlaim faoin gcomhairle sin féach ar an ngearrthóg físe anseo. Len é a chur ar siúl, gliogáil ar an gcnaipe seinnte ag bun an scáileáin.

Tá sé socraithe go mairfidh gach sleamhnán den chur i láthair 5 shoicind. Thig leat féin é sin a athrú le húsáid a bhaint as an mbarra seinnte ag bun an scáileáin.

Tá an cur i láthair ar fáil le híoslódáil thíos mar chomhad PowerPoint nó mar chomhad PDF.

PPTOverview presentation Le hamharc ar an gcomhad PowerPoint caithfidh MS PowerPoint a bheith suiteáilte ar do ríomhaire. Gliogáil ar ainm an chur i láthair PowerPoint len é a oscailt.
pdfOverview presentationLe hamharc ar an gcomhad PDF caithfidh Acrobat Reader a bheith suiteáilte ar do ríomhaire. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce ó Adobe website. Gliogáil ar ainm an chomhaid PDF len é a oscailt.ComhairliúchánComhairliúchán

 

Comhairliúchán

Tá an tréimhse chomhairliúcháin faoin tsraith shóisearach (ar cuireadh tús léi in Aibreán 2010) críochnaithe anois. Ghlac líon mór daoine, gníomhaireachtaí agus grúpaí páirt sa chomhairliúchán trí aighneachtaí a chur chugainn, freastal ar chruinnithe, ceistneoir gairid a fhreagairt nó scríobh sa bhlag. Tá sé seo mar bhonn eolais san obair leantach ar an tsraith shóisearach.  Más mian leat príomhthorthaí an chomhairliúcháin a léamh, féach ar an doiciméad the Summary of the Junior Cycle Consultation Findings. Nó tá liosta de na haighneachtaí a cuireadh chugainn ar fáil le léamh freisin.

  • Comhairliúchán na sraithe sóisearaí: liosta aighneachtaí

Cé go bhfuil an comhairliúchán faoi fhorbairtí sa tsraith shóisearach thart anois, tá rochtain fós ar an réimse leathan ábhar chun tacú leis an bplé faoin bhforbairt. Ina measc, tá físeáin vox pop ó scoileanna, cur i láthair ilmheáin, agus an páipéar Innovation and Identity: Ideas for a new Junior Cycle(PDF, 4.4MB). Má mian leat scríobh chugainn is féidir sin a dhéanamh, ach ríomhphost a chur chuig juniorcycle@ncca.ie. Roghnaigh an nasc is fearr a oireann duit.

 

Achmhainní_ilmheaínFíseáin
RíomhphostDoiciméid

 

 

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie