Síntiús don nuachtlitir

An tSraith Shinsearach


Tá an tsraith shinsearach ag céim shuntasach den phróiseas athbhreithnithe i láthair na huaire. Tar éis taighde a dhéanamh, agus dul i gcomhairle le foghlaimeoirí, múinteoirí, lucht bainistíochta agus grúpaí eile, tugadh tús áite do réimsí áirithe forbartha agus tá na réimsí sin ag céimeanna éagsúla i láthair na huaire. Ar na gnéithe is tábhachtaí san obair seo tá cláir foghlama níos solúbtha a fhorbairt, siollabais ábhar agus gearrchúrsaí a bhunú ar thorthaí, príomhscileanna a fhorbairt agus bealaí nua measúnaithe a cheapadh.


Forbairtí sa tsraith shinsearach

Tionscadal Mata á chur i bhfeidhm sna scoileanna ar fad ó Mheán Fómhair 2010 i leith.

Tá an leagan deiridh d'ábhar nua dar teideal An Pholaitíocht agus an tSochaí á cheapadh tar éis seisiún comhairliúcháin rathúil.   

Tá na siollabais le haghaidh na Bitheolaíochta, na Ceimice agus na Fisice á dtabhairt cothrom le dáta agus beidh siad ar fáil le haghaidh comhairliúcháin go luath an bhliain seo chugainn.

Tá siollabas nua Corpoideachais á réiteach. Ábhar scrúdaithe a bheidh sa Chorpoideachas feasta. Tá creatchuraclam neamhscrúdaithe á ullmhú chomh maith. Beidh an dá shiollabas ar fáil le haghaidh comhairliúcháin sa bhliain 2011.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar na siollabais teanga chomh maith agus tá coistí ag féachaint ar mheasúnú teangacha i láthair na huaire.

Tá dhá cheann deghearrchúrsaí samplacha,Fiontraíocht agus Síceolaíocht, ar fáil anois le haghaidh comhairliúcháin.

Tá grúpa scoileanna ag baint trialach as cineálacha cur chuige níos solúbtha i leith na foghlama sa tsraith shinsearach.

Tá líon mór idiraonad ar fáil anois lena n-íoslódáil.

Ullmhaíodh ábhair acmhainne le príomhscileanna a neadú sa teagasc agus san fhoghlaim.

Lean an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhorbairtí sa tsraith shinsearach


An tslí a ndéantar ceangal

Céim thábhachtach oideachais inti féin is ea an tsraith shinsearach ach tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh aistriú réidh ann ón tsraith shóisearach go dtí an tsraith shinsearach agus ón tsraith shinsearach ar aghaidh go domhan na hoibre agus an bhreisoideachais. Tá i gceist tuilleadh aire a dhíriú ar an dá aistriú seo sa bhliain 2011. De réir mar a dhéanfar forbairt ar Chreatchuraclam na Sraithe Sóisearaí, cuirfear béim ar an aistriú ón tsraith shóisearach go dtí an tsraith shinsearach.

Tá comhdháil chomhpháirteach beartaithe i mí Aibreáin idir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus an tÚdarás um Ardoideachas maidir leis an aistriú ón iar-bhunscoil go dtí an t-ardoideachas. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil go luath.


Consultation

Developments at senior cycle have now progressed to a point where a number of draft syllabuses will be ready for consultation over the next eighteen months or so. Follow this link to find out more and have your views heard.

You might also like to check out the section on Leading and Supporting Change in Schools which looks at some ideas on how these changes might find their way into schools.


Chun tuilleadh eolais a fháil, lean na nascanna

Senior Cycle Education in Ireland

Obair le Scoileanna

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie