Clár dhá bhliain atá san Ardteistiméireacht (Bhunaithe) a bhfuil sé mar aidhm léi oideachas leathan cothrom a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus speisialtóireacht áirithe a thairiscint san am céanna ar mhaithe le roghnú gairme. Leantar an clár i mbeagnach gach scoil, ag cóhort 55,000 dalta in aghaidh na bliana. Daltaí a dhéanann clár na hArdteistiméireachta (Bhunaithe), caithfidh siad cúig ábhar ar a laghad a dhéanamh, agus ní mór an Ghaeilge a bheith ar cheann díobh sin. Is gnách go nglacann daltaí cúig ábhar nó níos mó ábhar (seacht n ábhar de ghnáth) le haghaidh scrúdú. Ta siollabais ar fáil i 31 ábhar. Tairgtear na hábhair uile ar dhá leibhéal, an gnáthleibhéal agus an t ardleibhéal. Is féidir Gaeilge agus Matamaitic a dhéanamh ag an mbonnleibhéal chomh maith.
Ábhair scoile na hArdteistiméireachta
34 ábhar scoile Ardteistiméireachta a bhíonn ar fáil do na scoileanna. Déantar staidéar ar na hábhair ag an nGnáthleibhéal nó an Ardleibhéal de ghnáth, cé gur féidir dhá ábhar, Gaeilge agus Matamaitic, a dhéanamh ag an mBonnleibhéal chomh maith. Le cois na n-ábhar atá liostaithe thíos, soláthróidh an Coimisiún um Scrúduithe Stáit scrúduithe i gceann ar bith de theangacha aitheanta an Aontais Eorpaigh, nuair is iomchuí stádas an iarratasóra/iarrthóra.
| Gaeilge | Fisic |
| Béarla | Ceimic |
| Matamaitic | Bitheolaíocht |
| Matamaitic Fheidhmeach | Fisic agus Ceimic |
| Fraincis | Eolaíocht Talmhaíochta |
| Gearmáinis | Eacnamaíocht Bhaile |
| Spáinnis | Staidéar Gnó |
| Iodáilis | Cuntasaíocht |
| Rúisis | Eacnamaíocht |
| Seapáinis | Ealaín |
| Araibis | Ceol |
| Laidin | Oideachas Reiligiúnach |
| An tSean-Ghréigis | Staidéar Foirgníochta |
| Léann Clasaiceach | Innealtóireacht |
| Léann Eabhrach | Líníocht Theicniúil |
| Stair | Eacnamaíocht Talmhaíochta |
Tíreolaíocht | Stair na hEacnamaíochta |
Measúnacht
Déantar gach ábhar a mheasúnú le páipéar scrúdaithe seachtrach i ndeireadh an chláir staidéir dhá bhliain. Déantar roinnt de na hábhair a mheasúnú le modhanna measúnaithe breise, lena n áirítear scrúduithe béil agus cluastuisceana, scrúduithe praiticiúla agus measúnacht ar obair chúrsa phraiticiúil. Formhór na ndaltaí a dhéanann an Ardteistiméireacht, bíonn siad 17 nó 18 mbliana d’aois agus bíonn 5 bliana iar-bhunoideachais nó 6 curtha i gcrích acu. Is féidir gníomhú na rannpháirithe a úsáid chun cuspóirí roghnaithe d’fhostaíocht, agus do breisoideachas agus ardoideachas. Tá ardmheas náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an Ardteistiméireacht, go ginearálta. Tá muinín ag an bpobal aisti maidir le caighdeáin, stádas agus cúrsaíocht.
Athbreithniú agus Athleasú
Tá an CNCM ag plé le hathbreithniú agus leasú leanúnach ar ábhair na hArdteistiméireachta, agus a measúnacht. Ó Mheán Fómhair 2002, tugadh siollabais leasaithe isteach i mBitheolaíocht, Ceimic, Fisic, Eacnamaíocht Bhaile, Stair agus Tíreolaíocht, agus Oideachas Reiligiúnach, chomh maith le cúrsa gan scrúdú in Oideachas Reiligiúnach. Tabharfar siollabais leasaithe isteach in Ealaín, Eolaíocht Fhisiceach, Eacnamaíocht, Teicneolaíocht na hAiltireachta agus na Foirgníochta, Grafaic Ealaíne, Deartha agus Cumarsáide, Teicneolaíocht na hInnealtóireachta agus Teicneolaíocht de réir a chéile, agus saincheisteanna feidhmithe sna scoileanna á gcur san áireamh. Ar na hábhair atáthar a athbhreithniú faoi láthair tá an Mhatamaitic, Matamaitic Fheidhmeach, Eolaíocht Talmhaíochta, Laidin, Sean-Ghréigis agus Léann Clasaiceach. Tá cúrsaí úra á bhforbairt faoi láthair i gCorpoideachas, agus in Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte.
Baineann na tréithe seo a leanas leis na siollabais úra agus leasaithe a tugadh isteach:
- nuachóiriú agus breis ábharthachta
- cuspóirí an chúrsa agus na measúnachta á léiriú le cur chuige torthaí-bhunaithe
- aird bhreise ar ghnéithe gairme na n-ábhar scoile – an fhoghlaim á cur i bhfeidhm ar fhíorchásanna sa saol réalaíoch
- aird bhreise ar dhifreáil, go minic i bhfoirm torthaí foghlama difriúla don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal
- leathnú ar an mbonn measúnachta agus ar na modhanna leis an ngnóthú a mheasúnú
- aird bhreise ar shaincheisteanna inscne agus riachtanais oideachais speisialta.
Le cois ábhar agus ábharthacht na siollabas a uasdátú (ag teacht le riachtanais na ndaltaí), is amhlaidh a cuireadh le gné ghairme gach ábhair chomh maith, de réir mar ba chuí. Cuireann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cúrsaí forbartha inghairme ar fáil do mhúinteoirí na siollabas leasaithe uile.
Tá an Ardteistiméireacht (Bhunaithe), mar aon le cláir eile na sraithe sinsearaí, san áireamh sa mhór-athbhreithniú atáthar a dhéanamh ar an tsraith shinsearach faoi láthair.
Doiciméadú
Leabhrán: Cur Síos Achomair ar Chóras Oideachais na hÉireann, arna fhoilsiú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, mar a bhfuil foramharc úsáideach ar an oideachas iar-bhunscoile agus ar an gcóras oideachais i gcoitinne.
Naisc ghaolmhara
Siollabas na hArdteistiméireachta agus Treoirlínte do Mhúinteoirí
Athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí
An Coimisiún um Scrúduithe Stáit.