Síntiús don nuachtlitir

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Clár Ardteistiméireachta glanscartha atá san Ardteistiméireacht Fheidhmeach, a tugadh isteach i 1995. Clár réamhghairmiúil atá ann,  do dhaltaí nach mbíonn ag iarraidh dul díreach le hardoideachas nó nach bhfreastalaíonn an dá chlár Ardteistiméireachta eile go hiomlán ar a gcuid riachtanas, a n-éirim ná a gcuid stíleanna foghlama. Bíonn rannpháirtithe na hArdteistiméireachta Feidhmí ag plé go príomha le hobair agus staidéar atá gníomhach, praiticiúil agus dalta-lárnach.

Aidhmeanna agus Prionsabail

Is é príomhaidhm chlár na hArdteistiméireachta Feidhmí, na rannpháirtithe a ullmhú don aistriú ó shaol na scoile/an ionaid isteach i saol aosaigh agus saol na hoibre.

  • is é forbairt scileanna litearthachta agus uimhríochta na rannpháirtithe príomhchuspóir an chláir
  • leagtar béim ar leith sa chlár ar fhorbairt phearsanta agus shóisialta na rannpháirtithe
  • cuirtear deiseanna ar fáil chun próisis fhéinluachála agus mhachnaimh na ndaltaí a fhorbairt
  • spreagtar naisc phobail láidre chun an scoil nó an t-ionad a chomhlánú mar láithreán foghlama
  • cothaítear úsáid raon leathan modheolaíochtaí foghlama, mar aon leis an bhfoghlaim rannpháirteach-lárnach
  • cuirtear deiseanna breisoideachais agus breisoiliúna ar fáil.

Gnéithe an Chláir

Clár dhá bhliain atá san Ardteistiméireacht Fheidhmheach, agus é déanta suas de raon cúrsaí atá leagtha amach thart ar thrí ghné:

  • Ullmhú Gairmiúil
  • Gairmoideachas
  • Oideachas Ginearálta

Tá na cúrsaí leagtha amach ar bhonn modúlach agus tá fad tríocha uair an chloig iontu. Bíonn gach bliain de dhá bhliain an chláir roinnte ina dhá sheisiún (Meán Fómhair go hEanáir agus Feabhra go Bealtaine). Caithfidh na foghlaimeoirí 44 modúl san iomlán a ghlacadh. Ní mór dóibh seacht dTasc Dalta a chur i gcrích i gcaitheamh dhá bhliain an chláir chomh maith.

ULLMHÚ GAIRMIÚIL
CúrsaLíon na Modúl
Ullmhú agus treoir ghairmiúil 8
Béarla agus Cumarsáid4
GAIRMOIDEACHAS
CúrsaLíon na Modúl
Gairmspeisialtóireachtaí (2 chúrsa iomlána)8 (4x2)
Feidhmithe Matamaitice4
Cúrsa tosaigh idTeicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide2
OIDEACHAS GINEARÁLTA
CúrsaLíon na Modúl
Oideachas Sóisialta6
Teangacha:
Gaeilge
Nua-Theanga Eorpach nó
Teanga Chomharthaíochta

2

2

Oideachas na nEalaíon (Damhsa, Drámaíocht, Ceol, na hAmharcealaíona)2
Fóillíocht agus Áineas (Corpoideachas san áireamh) 2
CúrsaLíon na Modúl
Modúil roghnacha4
Iomlán 44

Measúnacht

Bailíonn na foghlaimeoirí creidiúintí de réir mar a chuireann siad a n-obair chúrsa i gcrích. Is féidir 200 creidiúint san iomlán a bhailiú.

Mar seo a leanas a bhronntar na creidiúintí:

An modh measúnachta Líon na gcreidiúintí
Cúrsaí arna gcur i gcrích62
Tascanna daltaí70
Scrúduithe 68
Iomlán200


Bronntar teastais ar thrí leibhéal: Gradam(170-200 creidiúint): Fiúntas (140-169 creidiúint); Pas (120–139 creidiúint). Daltaí a thuilleann faoi bhun 120 creidiúint, faigheann siad Taifead Eispéiris.

Tá mór-athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag an CNCM ar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, mar aon le cláir eile na sraithe sinsearaí.

Doiciméadú

LCA Programme Statement and Outline of Student Tasks (PDF, 1.2MB)
Bileog eolais LCA Explanatory Leaflet (PDF, 76KB)
An Ardteist Fheidhmheach
; Alt ó info@ncca (Eanair 2009)

 

Naisc ghaolmhara

Seirbhís Tacaíochta na hArdteistiméireachta Feidhmí
Seirbhís Tacaíochta an Dara Leibhéil
An Coimisiún um Scrúduithe Stáit

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie