Tá athbhreithniú nó forbairt á dhéanamh ar thrí chomhpháirt churaclaim sa tsraith shinsearach: ábhair, gearrchúrsaí agus idiraonaid.
Ábhair
Deartar ábhair mar chúrsaí 180 uair an chloig. Ar mhaithe leis an athbhreithniú, déantar na hábhair a ghrúpáil le chéile faoi Ealaíona agus Daonnachtaí, Eolaíocht, Matamaitic agus Teangacha. Tá maoirseacht á déanamh ar gach ceann de na réimsí sin ag Bord Staidéir. Tá an obair ag leibhéal an ábhair aonair á déanamh ag coistí cúrsa na n-ábhar.
Cliceáil na nascanna thíos chun a fháil amach céard atá ag tarlú ag an bpointe ama seo.
Ealaíona agus Daonnachtaí
Eolaíocht
Matamaitic
Teangacha
Coistí: conas a chuirtear an obair chun cinn trí choistí an CNCM
Dréacht-ghearrchúrsaí
Tá gearrchúrsaí san fhiontraíocht agus sa síceolaíocht forbartha mar chéadchúrsaí samplacha. Is comhpháirt churaclaim mholta atá i ngearrchúrsa agus é deartha mar aonad staidéir 90 uair an chloig. Beidh an chéad dá ghearrchúrsa ar fáil le haghaidh comhairliúcháin i nDeireadh Fómhair 2009.
Aonaid Idirbhliana
Deartar idiraonaid mar chúrsaí 45 uair an chloig agus den chuid is mó tabharfar fúthu mar chuid den Idirbhliain. D’fhéadfadh sé go dtabharfaí faoi chuid díobh ag amanna eile le linn na sraithe sinsearaí chomh maith.
Tuilleadh eolais faoi na hAonaid Idirbhliana
Cúraí eile
Is cúrsaí iad seo, leithéidí Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), Treoir agus Bainistiú Foghlama, a thairgeann scoileanna do dhaltaí mar chuid dá gcuid oideachais sa tsraith shinsearach, ach ní le haghaidh scrúdaithe ná le haghaidh teastasaithe fhoirmeálta iad.
Cliceáil na nascanna thíos chun tuilleadh a fháil amach faoin obair ar na hábhair, ar na gearrchúrsaí agus ar na haonaid idirbhliana.
* San áireamh sna Nua-Theangacha tá an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Spáinnis.
Naisc
Tuilleadh eolais faoi choistí an CNCM agus conas a oibríonn siad
Tuilleadh faoin líonra scoileanna
Ar ais chuig forbairtí sa tsraith shinsearach