Athbhreithniú ar Theangacha san Iar-Bhunoideachas
Tá obair sa Ghaeilge, sa Bhéarla, san Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodálais agus sa Spáinnis i gceist i gcéim reatha an athbhreithnithe ar theangacha san iar-bhunscoil.
Béarla agus Nuatheangacha na hEorpa
Beidh na siollabais sa Bhéarla, Ghaeilge, Fhraincis, Ghearmáinis, Iodálais agus Spáinnis mar chuid den chomhairliúchánfaoin tSraith Shinsearacha bheidh ar siúl in 2012.
An Ghaeilge san athbhreithniú
Bíonn ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar chuid de chláir an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta. Is í an Ghaeilge an t-aon ábhar a chaithfidh scoláirí a dhéanamh staidéar uirthi mar chuid de chlár Bunaithe na hArdteistiméireachta.
Ar iarratas an Aire Oideachais agus Scileanna, tá athbhreithniú ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta beartaithe ag an CNCM, ina ndéanfar meastóireacht ar na hathruithe ar na marcanna i gcomhair an scrúdú cainte sna scrúduithe Ateistiméireachta a tugadh isteach le déanaí, agus ar na leasuithe a ndearnadh ar Shiollabas Gaeilge an Teastais Shóisearaigh agus Siollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta a d’eascair as na hathruithe sin.
Tuilleadh eolais faoi fhorbairtí sa Ghaeilge.
Cúlra an athbhreithnithe ar theangacha san iar-bhunscoil
Cuireadh tús leis an athbhreithniú in 2003, nuair a foilsíodh plécháipéis Teangacha sa Churaclam Iar-Bhunoideachas: Plécháipéis.
Tuilleadh eolais faoi chúlra an athbhreithnithe