Síntiús don nuachtlitir

Athbhreithniú Churaclam na Bunscoile

Forbhreathnú

Bhronn an tAcht Oideachais (1998) an fhreagracht ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachtaan curaclam do scoileanna nó aon chuid den churaclam sin, agus na siollabais a mhúintear, a athbhreithniú ó am go ham agus comhairle a thabhairt don Aire; (Alt 41, Fo-alt 2).

Is é cuspóir atá le hathbhreithniú curaclaim ná ceisteanna a chur agus a fhreagairt mar gheall ar éifeachtúlacht curaclaim agus a mhéad a chumasaíonn sé múinteoirí tacú le páistí agus iad i mbun foghlama. Cuid lárnach d’fheabhsú córais, mar sin, is ea athbhreithniú.

Tá dhá chéim den Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile tugtha chun críche ag an gCNCM. Chiallaigh sin eolas faoi thaithí páistí, múinteoirí, príomhoidí agus tuismitheoirí ar an gcuraclam a chruinniú, anailís a dhéanamh air agus é a thuairisciú, chun feabhas a chur ar an gcuraclam.  

Úsáideadh Teimpléad Athbhreithnithe agus Athmhachnaimh le haghaidh Múinteoirí i ngach céim den athbhreithniú chun sonraí a bhailiú agus lena chois sin cuireadh agallaimh ar phríomhoidí, ar mhúinteoirí, ar thuismitheoirí agus ar pháistí i líon beag de scoileanna cás-staidéir.

Ag cloí le sceideal do chur chun feidhme rollach na n-ábhar/réimsí curaclaim, dhírigh gach céim den athbhreithniú ar ábhair/réimsí curaclaim ar leith:

  • Dhírigh Céim 1 ar an mBéarla, na hAmharcealaíona agus an Mhatamaitic
  • Dhírigh Céim 2 ar an nGaeilge, an Eolaíocht agus OSPS

Tá athbhreithnithe le déanamh fós ar an Tíreolaíocht, ar an Stair, ar an gCorpoideachas, ar an gCeol agus ar an Drámaíocht.  

Naisc ghaolmhara:

Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile: Céim 1
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile: Céim 2
Taighde coimisiúnaithe ar an Eolaíocht
Foilseacháin
Curaclam na Bunscoile

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie