Cruinníodh sonraí le haghaidh Céim 1 den Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile le linn scoilbhliain 2003/2004. San iomlán, d’fhreagair 698 múinteoir ó 170 scoil an Teimpléad Athbhreithnithe agus Athmhachnaimh le haghaidh Múinteoirí, agus bhí grúpaí páistí, tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí ó shé cinn de scoileanna difriúla páirteach in agallaimh mar chuid de chás-staidéar scoile. D’aibhsigh an anailís ón dá shnáithe taighde seo ceithre cinn de phríomhthorthaí.
D’fhreagair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta do na torthaí seo trí dhul i mbun oibre le scoileanna chun roinnt acmhainní a fhorbairt a thacódh leo agus iad i mbun teagaisc agus foghlama. Tá siad achoimrithe thíos.
- Curaclam an Bhéarla
- Eolas do Thuismitheoirí
- Modhanna Teagaisc agus Foghlama
- Measúnú
- Seimineár ar cuireadh, Curaclam na Bunscoile sna Scoileanna
Curaclam an Bhéarla
Toradh:D’aithin múinteoirí go raibh úsáid eagar Churaclam an Bhéarla (i bhfoirm ceithre shnáithe uileghabhálacha) chun pleanáil d'fhoghlaim páistí ar cheann de na dúshláin ba mhó. Tuairiscíodh go raibh na ceithre shnáithe doiléir agus deacair a thuiscint. Thaispeáin torthaí go raibh mórchuid múinteoirí tar éis na snáitheanna a chur i leataobh nó snáithaonaid a chur ina n-áit.
Acmhainn: I bhfreagairt dhíreach air seo d’fhoilsigh an CNCM, Ábhar tacaíochta breise:Struchtúr Churaclam an Bhéarla(2005). Soláthraíonn an doiciméad seo struchtúr roghnach do Churaclam an Bhéarla (bunaithe ar theanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht).
Cliceáil ar an doiciméad

Eolas do thuismitheoirí
Toradh:Thuairiscigh tuismitheoirí gur chuir easpa eolais mar gheall ar fhoghlaim páistí sa bhunscoil teora leis an mbainteacht a bhí acu le foghlaim páistí sa bhaile.
Acmhainn: Mí an Mhárta 2006, sheol an Chomhairle DVD do thuismitheoirí Foghlaim Leanaí sa Bhunscoil: Céard, Cén Fáth agus Conas.Tá an DVD ar fáil i gcúig cinn de theangacha (Béárla, Gaeilge, Fraincis, Liotuáinis, Polannais). Scaipeadh an DVD ar na bunscoileanna ar fad in Aibreán na bliana sin agus tá sé ar fáil chomh maith i gcóip chrua ó d’ionad oideachais áitiúil lánaimseartha (fad a bhíonn sé acu) agus le feiceáil ar líne chomh maith!
Cliceáil ar an pictiúr chun féachaint ar an DVD

Chun tacú le scoileanna a úsáidfidh an DVD le tuismitheoirí, tá ríomhleabhrán curtha le chéile ag an gCNCM dar teideal Foghlaim leanaí sa bhunscoil: Céard, cén fáth agus conas:Eolas do thuismitheoirí. Tá an leabhrán ar fáil le híoslódáil, le saincheapadh, le fótachóipeáil agus le scaipeadh ar thuismitheoirí in éineacht leis an DVD.
Modhanna teagaisc agus foghlama
Toradh: Bhí codarsnacht le sonrú idir an úinéireacht láidir i measc múinteoirí ar na teoiricí páistelárnacha atá mar bhonn le Curaclam na Bunscoile, agus an úinéireacht theoranta a bhí acu ar mhodhanna teagaisc agus foghlama páistelárnacha. Thaispeáin torthaí go raibh gá ag múinteoirí le i bhfad níos mó eiseamláirí de mhodhanna teagaisc agus foghlama de chuid Churaclam na Bunscoile, lena n-áirítear:
- Foghlaim ghníomhach
- Foghlaim bunaithe ar an timpeallacht
- Foghlaim i gcomhar
- Foghlaim difreálaithe (go háirithe i suíomhanna ilranga)
- Smaointeoireacht ardoird agus fadhbréiteach.
Acmhainn: Tá láithreán gréasáin á fhorbairt ag an gCNCM i láthair na huaire chun teagasc agus foghlaim bunaithe ar an gcuraclam a thaispeáint i gcomhthéacsanna difriúla ranga. Soláthróidh ACTION (Nuáil Measúnaithe agus Teagaisc Churaclaim ar an Idirlíon) ardán chun modheolaíochtaí difriúla teagaisc a thaispeáint, a d’fhéadfaí a úsáid le Curaclam na Bunscoile. Beidh físeáin Idirlín, podchraoltaí, samplaí d’obair pháistí, samplaí d’ábhair múinteoirí, grianghraif agus ábhair thacaíochta éagsúla eile ar fáil ar ACTION. Seolfar an láithreán san fhómhar.
Measúnú
Toradh: Thaispeáin torthaí gur theastaigh i bhfad níos mó comhairle ó mhúinteoirí maidir le húsáid an mheasúnaithe chun tacú le teagasc agus foghlaim. Cé gur thuairiscigh 100% nach mór de mhúinteoirí gur úsáid siad breathnadóireacht an mhúinteora cúpla uair sa tseachtain, bhí siad neamhchinnte conas a dtuairimí a chlárú mar fhianaise measúnachta, agus conas úsáid a bhaint as a dtuairimí chun cinntí a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí teagaisc agus foghlama. D’iarr múinteoirí i bhfad níos mó comhairle ar conas modhanna agus acmhainní measúnachta a úsáid agus ar na modhanna difriúla ina bhféadfaí eolas a thuairisciú do thuismitheoirí ar fhoghlaim a bpáistí.
Acmhainní
Sheol an CNCM an doiciméad Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do na Scoileanna mí na Samhna 2007. Cheap an Chomhairle Teimpléid Chárta Tuairisce do mhúinteoirí mar fhreagairt ar iarratais uathu ar eolas ar conas dul chun cinn páistí leis an gcuraclam a thaifeadadh agus a thuairisciú. Chun cabhrú le scoileanna tuairisciú do thuismitheoirí cheap an CNCM bileoga do thuismitheoirí a mhínigh an scóráil ar na trialacha caighdeánacha.
Cliceáil ar an doiciméad

Le cois na dtorthaí agus an tionchar a ndéantar cur síos orthu thuas, bhí tionchar ag an gcéad chéim den athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile (1999) ar an gcaoi a threoraítear agus a fhorbraítear tionscadail churaclaim go ginearálta laistigh den Chomhairle. Mar shampla, bhí eolas maidir le taithí múinteoirí agus páistí ar Churaclam na Naíonán mar bhonn eolais leis an gceangal idir an Creat don Luathfhoghlaim (0-6) agus an curaclam agus le forbairt an Chreata féin.
Seimineár ar cuireadh, Curaclam na Bunscoile sna Scoileanna
Thug Cigireacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta Meastóireacht ar Chur Chun Feidhme an Churaclaim sa Béarla, sna hAmharcealaíona agus sa Mhatamaitic chun críche in Earrach 2005. An 11 Bealtaine, 2005, chuir an CNCM agus an Roinn torthaí ón dá thuarascáil i láthair na bpáirtithe oideachais ag seimineár ar cuireadh i mBaile Átha Cliath dar teideal Curaclam na Bunscoile sna Scoileanna.
Foilsíodh na torthaí achomair ó athbhreithniú na CNCM agus ó mheastóireacht na Cigireachta, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, i leabhrán (Meán Fómhair 2005) a scaipeadh ar na bunscoileanna ar fad.
Naisc Ghaolmhara
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile: Forbhreathnú
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile: Céim 2
Taighde coimisiúnaithe ar an Eolaíocht
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile: Foilseacháin
Curaclam na Bunscoile