Cruinníodh sonraí i gCéim 2 den Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile le linn scoilbhliain 2006/2007. San iomlán, chomhlánaigh 1,370 múinteoir ó 200 scoil an Teimpléad Athbhreithnithe agus Athmhachnaimh le haghaidh Múinteoirí, agus bhí grúpaí páistí, tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí ó ocht gcinn de scoileanna difriúla páirteach in agallaimh mar chuid de chás-staidéar scoile. Tugadh ceithre cinn de phríomhthorthaí chun solais san anailís ar thorthaí an dá shnáithe taighde seo.
Cliceáil chun teacht ar bhileog ina bhfuil achoimre ar an dara céim den athbhreithniú ar an gcuraclam (amharc ar anmbileog ar leathanach amháin nó amharc ar leathnaigh aonair). Tugtar breac-chuntas ar na príomhéachtaí agus na príomhdhushláin a bhaineann le bheith ag obair le curaclam na Gaeilge, na heolaíochta agus OSPS mar a d'aithin múinteoirí, príomhoidí, páistí agus tuismitheoirí iad, agus pléitear conas a fhreagróidh an CNCM dóibh.
I ngach ceann de na trí ábhar sin, d’aithin múinteoirí cúrsaí ama mar cheann de na dúshláin ba mhó maidir le cur chun feidhme an churaclaim. Rinne múinteoirí cur síos ar dhá ghné den fhadhb ama. Dhírigh duine amháin ar an ró-ualach curaclaim (easpa ama chun gach ábhar sa churaclam a chur chun feidhme go hiomlán nó chun na cuspóirí i ngach ábhar a chlúdach) agus dhírigh an duine eile ar mhéid an ranga/riachtanais na bpáistí (easpa ama chun freastal do riachtanais na bhfoghlaimeoirí ar fad). Ar an gcaoi chéanna, aithníodh an easpa ama de dheasca ró-ualach curaclaim agus méid na ranganna mar phríomhdhúshlán san Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile, Céim 1 (CNCM 2005).
Modhanna teagaisc agus foghlama
Fearacht na dtorthaí ó Chéim 1, bhí codarsnacht idir an úinéireacht láidir i measc múinteoirí ar na teoiricí páistelárnacha atá mar bhonn le Curaclam na Bunscoile, agus an úinéireacht theoranta a bhí acu ar mhodhanna teagaisc agus foghlama páistelárnacha. Bhain roinnt torthaí i ngach ceann de na trí ábhar le modhanna teagaisc agus foghlama, lena n-áirítear:
Fearacht na dtorthaí ó chéim a haon den athbhreithniú, ba é teagasc ranga uile an eagar ranga ba choitianta i ngach ceann de na trí ábhar. Ach sa dara céim seo den athbhreithniú thuairiscigh líon mór freagróirí (80% ar a laghad) gur úsáid siad obair bheirte, obair ghrúpa agus obair aonair go minic nó uaireanta i ngach ceann de na trí ábhar.
Bhí deiseanna teoranta á soláthar do pháistí chun na scileanna smaointeoireachta ardoird a liostaítear i gCuraclam na Bunscoile a fháil. Orthu seo bhí achoimriú, anailísiú, tátail agus ciall a bhaint as teanga mheafarach agus as íomhánna agus léirmhíniú a thabhairt orthu. (DES, 1999, Buneolas, lch. 16).
Díol suntais ab ea ísle rátaí freagartha múinteoirí ar na ceisteanna TFC sa teimpléad i gcomórtas le réimsí eile ceistiúcháin.
Tháinig ceithre phríomhcheist chun cinn as Céim 2 maidir le measúnú:
- cuspóir an mheasúnaithe
- modhanna measúnaithe
- eiseamláiriú caighdeán
- úsáid an eolais ó mheasúnachtaí
Is cosúil na torthaí seo agus na torthaí ar mheasúnú i gCéim 1, agus tá torthaí breise ann chomh maith.
I gcoitinne, tugann na sonraí le fios go bhfuil múinteoirí doiléir maidir le cuspóir, ról agus feidhm an mheasúnaithe agus faoin gcaoi a d’fhéadfaí é a úsáid chun tacú le teagasc agus le foghlaim. D’aithin múinteoirí nádúr na foghlama sna trí ábhar mar dhúshlán don mheasúnú.
Tuairiscíodh breathnadóireacht múinteoirí agus ceistiú ó mhúinteoirí mar na modhanna measúnachta is coitianta i ngach ceann de na trí ábhar, rud a bhí ar aon dul le torthaí Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile, Céim 1 (CNCM, 2005). Thuairiscigh múinteoirí chomh maith gur mhinic a d’úsáid siad tascanna agus trialacha múinteoir-dheartha, samplaí oibre, punanna agus tionscadail. I gcodarsnacht leis sin, baineadh úsáid níos annamhaí as modhanna measúnachta ar nós próifílí curaclaim agus mapáil coincheap atá an-úsáideach sa Ghaeilge agus san Eolaíocht, faoi seach.
Aibhsíodh sna torthaí ar fad an easpa cur amach a bhí ag múinteoirí ar uirlisí agus ar acmhainní measúnachta le haghaidh na n-ábhar faoi athbhreithniú agus a dtuairim nach raibh mórán de na huirlisí nó na hacmhainní seo ar fáil. Thug freagróirí ar aird go raibh trialacha caighdeánaithe ar fáil don Bhéarla agus don Mhatamaitic agus chuir siad in iúl gur mhór leo caighdeáin a bheith acu chun dul chun cinn agus gnóthachtáil páistí sna hábhair seo a chur i gcomparáid leo. Tharraing múinteoirí aird, más ea, ar an easpa caighdeán i réimsí eile den churaclam chun dul chun cinn páistí in eolas, tuiscint, scileanna, dearcaidh agus luachanna a bhreithniú i gcomparáid leo.
I ngach ceann de na trí ábhar, thuairiscigh múinteoirí gur chun ceachtanna leantacha a phleanáil, chun tuairisciú do thuismitheoirí agus chun aiseolas a sholáthar do pháistí is mó a bhaintear úsáid as eolas ó mheasúnachtaí. Díol suntais is ea é, más ea, gur lú múinteoirí a thuairiscigh gur bhraith siad go raibh an t-eolas ó mheasúnachtaí cabhrach chun aiseolas a sholáthar do pháistí sa Ghaeilge ná mar ab amhlaidh san Eolaíocht agus san OSPS, in ainneoin an leithdháilte mhóir ama don Ghaeilge i mbunscoileanna agus tábhacht an aiseolais maidir le foghlaim teangacha. Straitéis lárnach is ea aiseolas a sholáthar do pháistí de chuid Measúnú le haghaidh Foghlama – ceann de dhá chineál cur chuige an mheasúnaithe a chuirtear i láthair sa doiciméad Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do na Scoileanna (CNCM, 2007).
Tá páistí ag freagairt go dearfach don chur chuige cumarsáideach a mholann Curaclam na Gaeilge ach léiríonn anailís ar na sonraí go bhfuil roinnt ceisteanna tar éis teacht chun cinn a chuireann dúshláin roimh mhúinteoirí. Ar na ceisteanna seo tá raon teoranta taithí teanga na bpáistí, fócas an mhúinteora ar chiall an fhocail seachas ar a fhoirm agus úsaid dhá chód foghraíochta agus an Ghaeilge á múineadh agus á foghlaim.
Freagróidh an CNCM do na torthaí thuas trí ghréasán scoileanna a fhorbairt. Oibreoidh múinteoirí a bheidh páirteach sa ghréasán sin ar fhreagairtí a mhúnlú do na dúshláin a aithníodh sa chuid seo den athbhreithniú. Beidh an gréasán seo comhdhéanta de bhraislí scoileanna, agus gach ceann díobh ag obair ar thionscadal amháin (mar shampla, modhanna teagaisc). Beidh deiseanna ag múinteoirí a ghlacann páirt sa ghréasán dul i mbun oibre le múinteoirí i scoileanna eile laistigh den aon bhraisle, agus i scoileanna i mbraislí eile chomh maith agus foghlaim uathu. Oibreoidh an CNCM go dlúth le múinteoirí sa ghréasán seo chun roinnt acmhainní agus ábhar a fhorbairt a thacóidh le teagasc agus foghlaim sa bhunscoil. Beidh mórchuid de na hacmhainní seo le fáil ar láithreán gréasáin ACTION.
An Eolaíocht sa Bhunscoil, Céim 1 den taighde
Dhírigh an chéad chuid den taighde coimisiúnaithe ar an Eolaíocht ar thaithí dhaltaí bunscoile ar an Eolaíocht sa scoil. D’aibhsigh anailís ar na sonraí roinnt príomhthorthaí lena n-áirítear:
- Tá páistí bunscoile díograiseach maidir le foghlaim gach réimse ábhair nach mór atá leagtha amach i gCuraclam Eolaíochta na Bunscoile. Baineann siad taitneamh as an Eolaíocht phraiticiúil agus as a bheith ag obair i gcomhar i ngrúpaí beaga nuair a bhíonn gníomhaíochtaí praiticiúla ar siúl acu. Ní bhíonn deis ag gach páiste, más ea, a bheith páirteach in Eolaíocht phraiticiúil go rialta.
- Níl páistí dearfach amach is amach maidir le húsáid na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta, lena n-áirítear: a bheith ag cóipeáil ón gclár dubh; ag léamh téacsleabhar; agus ag comhlánú bileog oibre agus leabhar saothair le linn ranganna Eolaíochta.
- Tá páistí an-dearfach mar gheall ar dhul i mbun gníomhaíochtaí Eolaíochta lasmuigh den seomra ranga agus faoi úsáid an TFC san Eolaíocht. Is cosúil, más ea, gur teoranta an taithí a fhaigheann páistí ar na gníomhaíochtaí seo. Baineann formhór thaithí páistí ar an Eolaíocht ar scoil le snáitheanna de Neacha Beo, Fuinneamh agus Fórsaí, agus Ábhair.
Cliceáil ar an nasc seo thíos chun an tuarascáil a léamh.
Science in Primary Schools, Phase 1: Final report (PDF 2.15MB)
Eolaíocht sa bhunscoil: tuairimí na bpáistí. Alt as info@ncca, eagrán 11, Eanáir 2009
Sa dara chuid den taighde fuarthas léargas iar-bhunscoile ar an eolaíocht. An cheist a cuireadh ná Nuair a bhíonn páistí ag gabháil don eolaíocht sa bhunscoil, cén tionchar a bhíonn aige sin ar fhoghlaim na heolaíochta sa chéad bhliain iar-bhunscoile? Bailíodh sonraí ó shuirbhé ar 234 dalta céadbliana iar-bhunscoile a chomhlánaigh ceistneoirí agus cuireadh daltaí in ocht scoil faoi agallamh idir Feabhra agus Bealtaine 2008, mar chás-staidéar. Cliceáil ar an nasc thíos chun fáil amach cad a dúirt siad.
Science in Primary Schools, Phase 2: Final report (PDF 796KB)
Aistriú san eolaíocht: ag dul ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. Alt as info@ncca, eagrán 12, Aibreán 2009
Naisc ghaolmhara:
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile: Forbhreathnú
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile: Céim 1
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile: Foilseacháin
Curaclam na Bunscoile
Íoslódáil Curaclam na Bunscoile