
Ba mhór an rud é d’oideachas bunscoile na tíre seo seoladh treoirlínte an CNCM ag an Aire Oideachas agus Eolaíochta, Mary Hanafin, T.D. ar an 28ú Samhain 2007, i Scoil Náisiúnta Naomh Cláir, Bóthair Crois Araild, Baile Átha Cliath 6 Iarthar.
Tugann Curaclam na Bunscoile (1999) breac-chuntas ar cén fáth a bhfuil measúnú chomh tábhachtach is atá ó thaobh tacaíochta a thabhairt do pháistí agus iad ag foghlaim. Déanann na treoirlínte nua cur síos ar conas is féidir le múinteoirí measúnú a úsáid chun páistí a spreagadh agus chun cursaí léinn a dhéanamh níos suimiúla dóibh.
Cad tá sna treoirlínte?
- raon de mhodhanna measúnaithe a bhailíonn eolas faoi fhoghlaim an pháiste. Tá modhanna a threoraíonn an páiste féin - féinmheasúnú agus obair chomhdhálach - agus tá modhanna a threoraínn an múinteoir ar nós tascanna, trialacha a dhearann sé/sí agus trialacha chaighdeánaithe.
- comhairle do scoileanna ar conas a bpolasaithe measúnu a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú .
- comhairle ar na ceanglais reachtúla a bhaineann le scoileanna maidir le dul chun cinn agus gnóthachtáil an pháiste a roinnt le daoine eile.
Tá na treorlínte ar fail i bhfoirm PDF, thíos.
Íoslódáil an chaipéis iomlán (PDF 1.7MB)
Réamhrá agus Rannán 1
Rannán 2
Rannán 3
Rannán 4
Aguisíní agus Leabharliosta
Tá leagan ar féidir brabhsáil tríd ar líne ar fáil trí chliceáil ar an nasc thíos.
Is i mBéarla amháin atá an leagan seo ar fáil faoi láthair.
Assessment in the Primary School Curriculum - Guidelines for Schools
Dáileadh na treoirlínte ar gach bunscoil in Eanáir/Feabhra 2008. Má tá cóipeanna breise ag teastáil uait (as Béarla nó as Gaeilge) cuir fios ar Ms.Deirdre Quinn ag:+ 353 1 8892038 nó Deirdre_Quinn@education.gov.ie.
Grúpa Comhairleach
Thacaigh na daoine seo a leanas leis an CNCM agus na treoirlínte á bhforbairt:
| An tOll. Eugene Wall (Cathaoirleach) | Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach |
| Ms. Deirdre Lyddy | An Chigireacht, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta |
| An tUas. Padraig Mac Fhlannachdha | An Chigireacht, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta |
| An tUas. Seosamh Mac Ionnmhainn | An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais |
| Dr. Damian Murchan | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
| An tUas. Éamon Murtagh | An Chigireacht, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta |
| Dr. Michael O’Leary | Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath |
| Dr. Gerry Shiel | Foras Taighde ar Oideachas, Droim Conrach |
An comhthéacs inar forbraíodh na treoirlínte
Léirigh aiseolas ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí i gCéim 1 den Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile (2005) go raibh i bhfad níos mó eolais agus comhairle ag teastáil maidir leis an bpróiseas agus na torthaí a bhaineann le measúnú sa bhunscoil. Mar shampla, lorg múinteoirí comhairle agus tacaíocht níos cuimsithí mar gheall ar conas tabhairt faoi mheasúnú (ar nós breathnóireacht an mhúinteora) maidir le cén eolas ar cheart a bhailiú, a thaifeadadh agus a thuairisciú, thar cén tréimhse agus cén chuspóir a bheadh leis? Déantar plé ar na torthaí seo sa tuarascáil ar an athbhreithniú: Athbhriethniú ar Churaclam na Bunscoile (2005).
Doiciméid
Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do Scoileanna (2008)
Assessment in the Primary School Curriculum: Guidelines for Schools (online browsable version)
Tuarascáil - Ag tacús le measúnú sa bhunscoil: Supporting Assessment in Primary Schools (2005)
Curaclam na Bunscoile (1999)
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile (2005)