Síntiús don nuachtlitir

An Líonra Bunscoile: aghaidh a thabhairt ar fhorualach sa churaclam

Le linn dhá chéim den Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile chuir múinteoirí agus príomhoidí in iúl go láidir nach raibh go leor ama acu chun 'gach rud a mhúineadh'.An dá chúis a luaigh na múinteoirí leis sin ná méid an churaclaim agus réimse leathan riachtanas foghlama na bpáistí a bhí sna ranganna acu. Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoin ndúshlán seo.

Athleagan amach an churaclaim: ábhair do mhúinteoirí

Táimid ag obair i gcomhar le múinteoirí, sa scoilbhliain 2009/2010, ag féachaint ar bhealaí éagsúla chun na hábhair sa churaclam a athleagan amach agus iad a chur i láthair i mbealach go mbeidh sé níos fusa teacht ar an eolas sna 11 leabhar curaclaim.

Féach ar na hábhair atá athleagtha amach.


Íomhá, Réamhrá Churaclam na Bunscoile

Áis Phleanála Churaclaim

Forbraíodh an áis phleanála tríd an obair le múinteoirí, ar Churaclam na Bunscoile a athleagan amach agus ar fhorualach sa churaclam. Is féidir le múinteoirí cuspóirí ábhair sa Churaclam Bunscoile a chuardach agus a roghnú ar bhonn ranga, ábhair, snáithe, snáithaonaid, nó eochairfhocal, agus iad a chur i gcló i bpleananna fadtréimhseach nó gearrthréimhseach.

Bain triail as an áis phleanála churaclaim.

Íomhá den Áis Phleanála Churaclaim

Forualach sa churaclam bunscoile: Tuairimí ó shuíomh na foghlama

Le linn na scoilbhliana 2009/2010 d'fhreagair 258 duine trí shuirbhé ar líne a bhain leis an athleagan amach ar na cuspóirí ábhair, agus le forualach sa churaclam go ginearálta. Ina measc bhí múinteoirí múinteoir as réimse scoileanna ar fud na tíre a d'úsáid na hábhair ina bhfuil an curaclam athleagtha amach chomh maith le príomhoidí, tuismitheoirí agus oiliúnóirí múinteoirí, agus roinn siad a dtuairimí linn faoi fhorualach curaclaim agus faoi thosaíochtaí san oideachas bunscoile trí chéile. Léigh an tuairisc ar a ndúirt siad ag an nasc thíos.

Curriculum overload in Primary Schools: Experiences and reflections from the learning site (PDF, 915 KB)

 
Cover image of curriculum overload, teachers' voices

Forualach sa churaclam bunscoile: Forbhreathnú ar an taithí náisiúnta agus idirnáisiúnta

Rinneadh an t-athbhreithniú seo ar an litríocht chun cuidiú linn tuiscint níos fearr a fhorbairt ar fhorualach curaclaim. Ag tús an pháipéir tá sainmhíniú ar fhorualach curaclaim, agus cur síos ar an taithí anseo in Éirinn, áit a bhfuil go leor polasaithe agus reachtaíochta a bhaineann le hoideachas bunscoile tagtha chun cinn le blianta beaga anuas. Tá cur síos ar an taithí idirnáisiúnta, agus go háirithe ar na bealaí éagsúla inar tugadh aghaidh ar an gceist i dtíortha eile, mar a bhaineann siad le hobair na Comhairle in athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar Churaclam na Bunscoile (1999). Tá plé mar gheall ar an tionchar an bhíonn ag forualach curaclaim ar pháistí iad féin, agus ar shaol páistí sa lá atá inniu ann, sa chuid deireanach den pháipéar. Cliceáil ar an nasc thíos chun an páipéar a léamh.

Curriculum overload in Primary Schools: An overview of national and international experiences  (PDF, 396 KB)

 

Cover image of curriculum overload literature review

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie