Cóipeanna d’Aistear
Cá bhfaighinn cóip d’Aistear?

Tá cóipeanna clóite d'Aistear ar díol san Oifig Dhíolta Fhoilseachán Rialtais (01 647 647 6834/37 or 1890 213 434). Cúig euro atá ar gach cóip.
Suíomhanna Béarla i Scéim CLÓ
In earrach na bliana 2010 cuireadh cóip Bhéarla amháin d’Aistear ar fáil do gach suíomh atá rannpháirteach i Scéim Chreatchuraclam na Luath-Óige. Sheol an CNCM na cóipeanna sin chuig na Coistí Cúram Leanaí Cathracha agus Contae (CCCanna).
Suíomhanna Gaeilge i Scéim CLÓ
Tá cóip Ghaeilge amháin ‘saor in aisce’ d’Aistear ar fáil i mbliana do shuíomhanna Gaeilge atá rannpháirteach i Scéim CLÓ. Sheol an CNCM na cóipeanna sin chuig Forbairt Naíonraí Teoranta agus chuig Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Bunscoileanna
Tá dhá chóip ‘saor in aisce’ d’Aistear ar fáil do gach bunscoil i mbliana. Sheol an CNCM na cóipeanna sin chuig na hIonaid Oideachais. Tá tús á chur ag CNCM le hathbhreithniú ar Leibhéal na Naíonán de Churaclam na Bunscoile (1999), ag tosú le réimse na teanga. Beidh Aistear ina bhonn eolais faoin athbhreithniú sin.