Gheofar in Aistear lear mór eolais agus samplaí de mheasúnú ag oibriú i gcineálacha difriúla de shuíomhanna luath-óige. Baineann an Creat úsáid as cúig cinn de mhodhanna measúnaithe (féinmheasúnú, comhrá, breathnú, tasc-cheapadh, agus tástáil) chun fianaise a bhailiú mar gheall ar fhoghlaim agus ar fhorbairt leanaí trasna téamaí Aistear. Cabhraíonn an fhianaise seo le cleachtóirí portráidí saibhre de na páistí mar fhoghlaimeoirí a chur i dtoll a chéile chun a ngnóthachtáil a cheiliúradh agus cabhrú leo na chéad chéimeanna foghlama eile a ghlacadh.
Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh a fháil amach faoi mheasúnú in Aistear.