Síntiús don nuachtlitir

Oideachas Luath-Óige agus Bunscoile

Is é feidhm an CNCM, comhairle a thabhairt don Aire Oideachais agus Eolaíochta ar chúrsaí curaclaim in oideachas luath-óige, bunscoile agus iar-bhunscoile. Tugann an leathanach gréasáin seo foramharc ar obair an CNCM sa tréimhse luath-óige agus bunscoile. Baineann oideachas luath-óige agus bunscoile leis an bhfoghlaim a dhéanann páiste ó bhreith go deireadh na bunscoile. Tagraíonn an luath-óige don tréimhse ó bhreith go sé bliana d’aois. Freastalaíonn oideachas bunscoile ar an tréimhse idir 6 bliana d’aois agus 12 bhliain déag d’aois, cé go mbíonn an chuid is mó de pháistí na tíre ar an mbunscoil faoin am a mbíonn siad 5 bliana d’aois agus go dtéann thart ar leath na bpáistí ar an mbunscoil in aois a 4 bliana. 

An Luath-Óige

I nDeireadh Fómhair 2009 d’fhoilsigh an CNCM Aistear, Creatchuraclam na Luath-Óige. Is creat curaclaim do pháistí uile na tíre ó bhreith go sé bliana é Aistear. Toradh is ea é ar thaighde, chomhairliú, phleanáil agus fhorbairt a rinne an CNCM i gcomhar le hearnáil na luathóige. Féadtar Aistear a úsáid i réimse de shuíomhanna luathóige, lena n-áirítear suíomhanna feighlíochta linbh, cúram lae lánaimseartha agus páirtaimseartha, seirbhísí seisiúnacha, ranganna naíonán i mbunscoileanna agus sa bhaile le leanaí. Foghlaimíonn leanaí an-chuid rudaí éagsúla ag an am céanna, agus le béim a leagan air sin úsáideann Aistear ceithre théama a bhfuil nasc láidir eatarthu chun cur síos ar ábhar foghlama agus forbartha leanaí: Folláine agus Leas, Féiniúlacht agus Muintearas, Cumarsáid agus Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht. Cuirtear béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le súgradh, le caidrimh agus le teanga do dhaoine óga agus iad ag foghlaim. Ar an gcaoi seo tá treoir ann maidir le súgradh, idirghníomhaíochtaí, comhpháirtíochtaí le tuismitheoirí agus measúnú, chun a chinntiú go mbeidh foghlaim agus forbairt an pháiste ag dul ar aghaidh go leanúnach. Tá naisc fhollasacha agus intuigthe araon idir an creatchuraclam agus Curaclam na Bunscoile (1999). Lena fhócas ar pháistí ó bhreith go sé bliana d’aois, beidh ról tábhachtach ag Aistear in athbhreithniú leanúnach an CNCM ar Churaclam na Bunscoile (1999) agus i leanúnachas agus dul chun cinn a chothú i bhfoghlaim agus forbairt leanaí.

An Bhunscoil

I Meán Fómhair 2009, rinne an CNCM deich mbliana den churaclam sna bunscoileanna a cheiliúradh. Nuair a seoladh Curaclam na Bunscoile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 1999, dúradh gur éabhlóid in ionad réabhlóide a bhí i gceist, toisc go raibh an curaclam leasaithe bunaithe ar a réamhtheachtaí Curaclam na Bunscoile (1971), agus gur oibrigh an CNCM i gcomhar leis na páirtithe oideachais uile chun é a fhorbairt. Ó thaobh struchtúir de, cuirtear an curaclam i láthair i sé réimse ábhar agus is ionann sin agus 11 ábhar. Mínítear príomhaidhmeanna, prionsabail agus gnéithe an churaclaim sa Réamhrá agus tá siad ina gcúltaca ar an múinteoireacht agus an fhoghlaim i ngach ábhar den churaclam. Cuirtear cáipéisí curaclaim (ina bhfuil cuspóirí ábhar agus snáithe nó snáithaonaid) agus treoirlínte do mhúinteoirí ar fáil le haghaidh gach ceann den 11 ábhar. Ó 1999 i leith, sholáthair an Chomhairle treoirlínte breise a bhfuil sé mar aidhm acu tacaíocht phraiticiúil a thabhairt do scoileanna maidir le gnéithe faoi leith den churaclam agus den mheasúnú, leithéidí múineadh daltaí a bhfuil sainriachtanais oideachais orthu agus measúnú. Tá dhá chéim d’athbhreithniú curtha i gcrích ag an CNCM, chun tacú le forbairt agus feabhsú leanúnach an churaclaim bhunscoile. Tá tuilleadh eolais ar obair an  CNCM sa Luath-Óige agus ar leibhéal na Bunscoile le fáil sna foilseacháin thíos:

Foilseacháin

Curaclam na Bunscoile
Primary Curriculum Review: Phase 1 Report (PDF, 2.4 MB)
Primary Curriculum Review: Phase 2 Report
(PDF, 1.1 MB)
Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie