Síntiús don nuachtlitir

Eolas do Thuismitheoirí faoin Iar-bhunscolaíocht

Fáilte romhat chuig an bpríomhleathnach do thuismitheoirí de scoláirí iar-bhunscoile. Tá trí mhór-réimse eolais ar fáil duit:

Aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil

Bíonn dúshláin nua i gceist do thuismitheoirí agus do pháistí araon san aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. Nuair a chíonn tuismitheoirí go bhfuil athrú nach beag tagtha ar an gcuraclam ó bhí siad féin ar scoil is minic a bhraitheann siad nach mbeidh ar a gcumas cabhrú leis an bpáiste san iar-bhunscoil.

Chun an deacracht seo ag tuismitheoirí a leigheas d'fhoilsigh an CNCM roinnt bileoga a mhíníonn cuid de na rudaí a mbeidh taithí ag do pháiste orthu san iar-bhunscoil.

  • Cad deir na daoine óga faoin aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil?

Aistríonn breis is 50,000 duine óg ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil gach bliain in Éirinn. Cad a chabhraíonn leo socrú isteach sa scoil nua? Cad a chabhraíonn leo déanamh go maith? Chun na ceisteanna seo a fhreagairt, chomisiúnaigh an CNCM an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) chun staidéar a dhéanamh ar bhreis is 900 dalta sna chéad trí bliana iarbhunscoile dóibh. Cliceáil ar na naisc thíos chun na tuairiscí taighde a léamh.

Moving Up - the experiences of first year students: booklet for schools, teachers and parents (2004) PDF, 346 KB
Magazine article - Pathways through junior cycle - the experiences of second year students (2006) PDF
NCCA summary and commentary on ESRI research into the experiences of third year students (2007) PDF, 195 KB

An tsraith shóisearach

  • Bileoga Fíricí na Sraithe Sóisearaí

íomhá de cheann de na bileoga fíricí

Dearadh na bileoga fíricí seo mar chabhair do lucht rang a sé agus do lucht na chéad bhliana ach d'fhéadfaidís a bheith úsáideach do thuismitheoirí chomh maith. Tugann siad eolas mar gheall ar na hábhair éagsúla sa tsraith shóisearach, i leagan amach atá dathach agus furasta a léamh. Cliceáil ar na naisc thíos chun na Bileoga Fíricí a íoslódáil.

Bileoga Fíricí na Sraithe Sóisearaí
BéarlaCeolCorpoideachas
Eacnamaíocht BhaileEalaín, Ceird, DearadhEolaíocht
Staidéar Imshaoil agus DaoneolasFraincisGaeilge
GearmáinisGrafaic TeicniúlIodáilis
Laidin agus Sean-GhréigisMatamaiticMiotalóireacht
Oideachas ReiligiúinOSSPOSPS
SpáinnisStaidéar ClasaiceachStaidéar Gnó
StairTeicneolaíochtTeicneolaíocht Abhar
Tíreolaíocht  

Forbairti sa tsraith shoisearach - Logo

  • Comhairliúchán faoi fhorbairtí sa tsraith shóisearach -Achoimrele fáil (PDF, 448KB)

Táthar ag dul i gcomhairle faoi conas mar a bheidh an tsraith shóisearach feasta, agus tá réimse ábhar ar fáil le cuidiú leat páirt a ghlacadh ann. Ina measc tá an páipéar smaointe, Innovation and Identity: Ideas for new Junior Cycleachoimre ar an bpáipéar sin (PDF, 448KB) agus acmhainní eile (físeáin vox pop ó scoileanna, réamhrá ilmheáin) chomh maith le blag agus ceistneoir gairid, a bhfuil teacht orthu ar fad ar www.ncca.ie/forbairtiSS

An tsraith shinsearach

  • Ag dul chun cinn

Cover of Senior Cycle: Moving Forward

Tugann Moving Forward foramharc dúinn ar cé mar atá forbairtí in oideachas na sraithe sinsearaí ag dul chun cinn. Is í seo an chéad bhileog i sraith foilseachán atá ceaptha chun tuismitheoirí, daltaí, múinteoirí agus daoine eile ar spéis leo an t-ábhar a choimeád ar an eolas maidir le scóp obair leanúnach na Comhairle ar athbhreithniú na sraithe sinsearaí agus an chaoi a bhfuil ag éirí leis. Cliceáil ar an nasc thíos chun an foilseachán a fháil.

Senior Cycle: Moving Forward

Foilseacháin

Moving Up - the experiences of first year students: booklet for schools, teachers and parents (2004) PDF
Pathways through junior cycle - the experiences of second year students (2006) PDF
NCCA summary and commentary on ESRI research into the experiences of third year students (2007) PDF
Achoimre: Nuáil agus Sainiúlacht - Smaointe faoi shraith shóisearch nua (2010) (PDF, 448KB)
Senior Cycle: Moving Forward PDF

Tuilleadh eolais

Más mian go gcuirfí eolas faoi ábhair eile ar fáil anseo do thuismitheoirí iar-bhunscoile, cuir scéala chugainn ag info@ncca.ie. Go raibh maith agat.

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie