Síntiús don nuachtlitir

An tSraith Shóisearach

 

ga

g1

Baineann an tsraith shóisearach (íos-meánoideachas) le tréimhse éigeantach an oideachais agus is daltaí idir aois a 12 agus a 15 a bhíonn ag gabháil di de ghnáth. Toisc aidhmeanna na sraithe sóisearaí agus na torthaí a mbítear ag dúil leo, is amhlaidh a leagtar béim sa tsraith shóisearach ar a thábhachtaí is atá sé go mbeadh na daltaí ag gabháil do chlár staidéir atá leathan, cothrom, comhleanúnach agus a chuimsíonn raon fairsing réimsí curaclaim, chun iad a ullmhú don aistriú go dtí oideachas na sraithe sinsearaí. Déantar an méid sin trína chinntiú go gcastar clár oideachais ar na daltaí a chlúdaíonn roinnt réimsí eispéiris.

Aidhmeanna

An Teastas Sóisearach

Glacann daltaí chláir staidéir éagsúla sa tsraith shóisearach. Glacann beagnach na daltaí go léir cúrsaí a ullmhaíonn iad don Teastas Sóisearach, an scrúdú Stáit a ghlactar i ndeireadh bliain a trí den tsraith shóisearach nuair a bhíonn na daltaí 15 bliana d’aois. Ionas go mbeidh ar a gcumas teacht fad le agus tabhairt faoi Scrúdú an Teastais Shóisearaigh, féadfaidh daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste oideachasúil agus daltaí a cheaptar go bhfuil siad i mbaol an scoil a fhágáil luath Clár ScoileanTeastais Shóisearaigh a leanúint.

Comhairliúchán nua - Bíodh do ghlór le cloisteáil maidir le forbairtí satsraithshóisearachLogo_Ga_gearr

Forbairtí sa tsraith shóisearach

Tá an tréimhse chomhairliúcháin faoin tsraith shóisearach (ar cuireadh tús léi in Aibreán 2010) críochnaithe anois. Míle buíochas le gach duine a nochtaigh tuairim nó ábhar imní nó a chuir moladh chugainn. Ghlac líon mór daoine, gníomhaireachtaí agus grúpaí páirt sa chomhairliúchán trí aighneachtaí a chur chugainn, freastal ar chruinnithe, ceistneoir gairid a fhreagairt nó scríobh sa bhlag. Tá sé seo mar bhonn eolais san obair leantach ar an tsraith shóisearach.  Tá achoimre ar phríomhthorthaí an chomhairliúcháin ar fáil anois, agus féadtar na haighneachtaí a chuir gníomhaireachtaí, grúpaí agus daoine aonair chugainn a léamh chomh maith. Agus más mian leat an t-eolas ginearálta is nuaí a fháil ar na forbairtí sa tsraith shóisearach, féadtar cur i láthair a íoslódáil.  Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar an leathanach forbairtí satsraith shóisearach.

Athbhreithniú na Sraith Sóisearaí

Déanann an CNCM athbhreithniú ar an tsraith shóisearach ar bhonn leanúnach. Baineann iliomad snáitheanna leis an athbhreithniú sin faoi láthair, lena n-áirítear tionscnaimh a bhaineann le Measúnú chun Foghlama, eispéiris daltaí sa tsraithshóisearach, agus siollabais athchothromaithe (forluí/ró-lódáil curaclaim). Lena chois sin, tá réimsí ginearálta oibre laistigh den CNCM atá ábhartha d’athbhreithniú na sraithe sóisearaí. Ina measc tá Teicneolaíocht Faisnéise agusCumarsáide, Riachtanais Oideachais Speisialta, an tOideachas Idirchultúrtha agus Scoileanna Coinneála Leanaí.

Bileoga Fíricí na Sraithe Sóisearaíbileoga fíricí

Tá sraith bhileoga fíricí (25) curtha le chéile ag an CNCM a thugann eolas faoi na hábhair éagsúla átá ar fáil ag an tsraith shóisearach (le fáil i mBéarla agus i nGaeilge). Cé gur dearadh na bileoga fíricí chun freastal ar dhaltaí i rang a sé agus sa chéad bhliain, beidh siad úsáideach do thuismitheoirí freisin.

 

 

 

Tástáil chaighdeánaithe sa tsraith shóisearach

Choimisiúnaíomar taighde le deireanas ar an gcleachtas idirnáisiúnta maidir le tástáil chaighdeánaithe san iar-bhunscolaíocht shóisearach. Baileoidh an taighde seo sonraí i dtaobh an chleachtais idirnáisiúnta tástála leis an aoisghrúpa 12 go 15 bliain agus cabhróidh sé linn comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta maidir leis na himpleachtaí a bhainfeadh le tástáil chaighdeánaithe a thabhairt isteach ag pointe amháin eile san oideachas éigeantach.

Déantar tástáil chaighdeánaithe i mbunscoileanna na hÉireann i mBéarla agus sa mhatamaitic. Measúnaítear daltaí faoi dhó i mblianta na bunscolaíochta - ag deireadh rang a haon nó ag tús rang a dó agus ag deireadh rang a ceathair nó ag tús rang a cúig.


Foilseofar tuarascáil ar an taighde seo ar shuíomh gréasáin an CNCM níos déanaí i mí na Nollag.

An tsraith shóisearach a chur i bhfeidhm ar bhealach éagsúil?

Bheadh an-spéis againn labhairt le múinteoirí nó scoileanna a bhfuil cur chuige úrnua in úsáid acu i ndáil le teagasc agus foghlaim sa tsraith shóisearach -- b'fhéidir go múineann tú d'ábhar ar bhealach beagán éagsúil agus go gcreideann tú go bhféadfadh daoine eile leas a bhaint as an gcur chuige sin. Nó b'fhéidir go bhfuil cur chuige suimiúil ag do scoil i ndáil le hamchlár ranganna na sraithe sóisearaí a leagan amach? Má tá scéal suimiúil agat, déan teagmháil linn ar juniorcycle@ncca.ie. Ba bhreá linn cloisteáil uait!

Doiciméadú

Tá foramharc úsáideach ar oideachas iar-bhunscoile na hÉireann agus ar an gcóras oideachais go ginearálta in A BriefDescription of the Irish Education System, arna fhoilsiú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Naisc ghaolmhara

An Teastas Sóisearach
Siollabais an Teastais Shóisearaigh agus Treoirlínte do Mhúinteoirí
Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh
Athbhreithniú na Sraithe Sóisearaí

Luath-Óige
Bunscoil
Sraith Shoisearach
Sraith Shinsearach
Eolas do Thuismitheoirí
Measúnú
Cuimsiú
TFC
Ráiteas Príobháideachta | Cóipcheart | Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí | Séanadh | Saoráil Faisnéise | Inrochtaineacht
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie