Béarla mar theanga bhreise

 

Forbhreathnú

Rud coitianta é i seomraí ranga príomhshrutha  i mbunscoileanna anois, go mbeadh páistí iontu a bhfuil cúlra cultúrtha agus teanga an-ilghnéitheach acu, agus méadú dá réir ag teacht ar líon na bpáistí nach í an teanga teagaisc an teanga a úsáideann siad sa timpeallacht bhaile . Dá bharr sin uile is gá breathnú ar, agus dul i ngleic le, riachtanais foghlama na bpáistí atá i gceist.

Réasúnaíocht

Ba chóir  gach páiste a chumasú chun go mbeidh sé/sí in ann dul i ngleic leis na réimsí ábhair scoile uile i gCuraclam na Bunscoile. Agus an té a dhéanann Béarla mar theanga bhreise ba chóir go mbeadh fáil aige/aici ar na struchtúir thacaíochta agus ar na hacmhainní cuí a chuirfidh  ar a c(h)umas plé leis an gcuraclam agus iomlán a lán-achmhainneacht a bhaint amach. Ach treoirlínte a sholáthar do mhúinteoirí agus scoileanna atá ag plé le páistí a dhéanann Béarla mar theanga bhreise, cuirfear ar a gcumas tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaim na bpáistí sin.

Freagra an CNCM

D'fhoilsigh an CNCM treoirlínte do mhúinteoirí, English as an additional language: Guidelines for Teachers. Tá faisnéis chúlra faoi theanga bhreise agus sealbhú na litearthachta sna dréacht-treoirlínte sin. Agus tá tacaíocht iontu freisin do scoileanna agus do mhúinteoirí ina gcuid pleanála don scoil uile agus don seomra ranga araon, agus iad ag freastal ar riachtanais na bpáistí atá i gceist. Sainaithníodh cuir chuige agus modheolaíochtaí a bhfuil tacaíocht acu ó eiseamláirí as raon réimsí ábhar scoile agus a dhíríonn ar réimse ranganna difriúla.

Cuireadh na modheolaíochtaí agus an cur chuige atá i ndréachtleagan English as an additional language: Guidelines for Teachers i bhfeidhm i líon beag scoileanna sa bhliain 2006. Ba é aidhm na gcás-staidéar seo aiseolas a fháil ó na múinteoirí sna scoileanna sin faoina dtaithí ag obair leis na dréacht-treoirlínte, agus samplaí den chleachtas sa seomra ranga bunaithe ar na dréacht-treoirlínte a bhailiú.

Foilseacháin

English as an Additional Language in Irish Primary Schools : Guidelines for Teachers (PDF, 488 KB)

Tá na hábhair ar fad do Mhúinteoirí Tacaíochta Teanga i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna a d'fhoilsigh an clár tacaíochta English Language Support Programme agus Integrate Ireland Language and Training (IILT) i gColáiste na Tríonóide ar fáil ar shuíomh gréasáin an CNCM anois. Cliceáil ar na nasic chun teacht orthu.