Tá dréachtchreat curaclaim ceaptha ag an CNCM le húsaid i scoileanna coinneála leanaí, in aonaid ardtacaíochta agus in aonaid sainchúraim. Tá an dréachtchreat ar fáil le híoslódáil thíos.
Fuaireamar aiseolas ar an gcreat-doiciméad ó chleachtóirí oideachais agus páirtithe leasmhara eile atá bainteach le soláthar oideachais sna haonaid agus sna scoileanna atá i gceist sna suíomhanna sin, agus chabhraigh sé linn an creat a fhorbairt. Is mian linn ár míle buíochas a ghabháil leo siúd a d'fhreagair an ceistneoir comhairlithe.
Tá an creat féin, mar aon le moltaí maidir lena chur i bhfeidhm, á gcur faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta faoi láthair.
Cuspóir an chreata
An cuspóir atá leis an dréachtchreat curaclaim seo ná cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar raon na n-eispéireas curaclaim atá ar fáil d'fhoghlaimeoirí sna suíomhanna seo. Dearadh an creat chun cuidiú leis na scoileanna agus leis na haonaid i dtaca le forbairt curaclaim agus pleanáil clár. Is fearr úsáid a bhaint as an gcreat mar phointe tagartha do chláir oideachais a fhorbraíonn réimse leathan scileanna, eolais, tuisceana agus dearcthaí de réir riachtanas na bhfoghlaimeoirí agus na n-acmhainní atá ar fáil.
Léiríonn nádúr an chreata an gá atá le
- contanam foghlama a thairiscint (do gach raon aoise)
- pleanáil/forbairt curaclaim a dhéanamh níos fusa do gach cineál cumais
- léiriú a thabhairt ar éagsúlacht na bpáistí atá faoi choinneáil/faoi chúram i dtaca le cultúr agus cúlra de
- cur leis an gcleachtas i suíomhanna éagsúla agus dá réir sin cabhrú le smaointe a roinnt agus a cheangal le chéile
- tacú le haistriú eolais maidir leis an bhfoghlaimeoir idir na suíomhanna seo agus chuig deiseanna eile oideachais agus oiliúna
- tacú le cleachtas cuimsitheach
- cleachtas athmhachnamhach a chur chun cinn mar uirlis chun cáilíocht an tsoláthair churaclaim a fheabhsú i ngach suíomh.
Tá an dréachtchreat ar fáil le híoslódáil thíos.
Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an dréachtchreata
I gcomhar leis na páirtithe leasmhara agus le líonra scoileanna agus aonaid san earnáil, tá sraith treoirlínte maidir le cur i bheidhm an chreata forbartha ag an CNCM. Tá na treoirlínte mar chuid de dhoiciméad an chreata, atá ar fáil le híoslódáil thíos.
Cuspóir na ndréacht-treoirlínte
Ceapadh na treoirlínte chun taispeáint conas is féidir an creat a úsáid chun tacú le pleanáil agus le hathbhreithniú chláir oideachais d'fhoghlaimeoirí sna suíomhanna seo. Dála an creat féin, tá siad ceaptha le húsáid ag múinteoirí uile, agus ba chóir go mbeadh siad ar fáil chomh maith do bhaill na foirne cúraim, do bhainisteoirí agus d'aon phearsanra gairmiúla agus páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint dhíreach acu le hoideachas na leanaí le linn an ama a chaitheann siad sna suíomhanna seo, agus i ndiaidh dóibh aistriú go scoileanna príomhshrutha nó go suíomhanna oideachais/traenála eile.
Is féidir na treoirlínte a íoslódáil ón leathanach seo.
Dearadh bileog eolais d'fhonn tacú le cur i bhfeidhm an chreata do leanaí faoi choinneáil agus faoi chúram. Tá an bileog ar fáil le híoslódáil, thíos.
Doiciméid
Draft curriculum framework (PDF 2.49 MB)
Information Leaflet for schools on the draft framework and guidelines (PDf 335k)
Questionnaire (PDF 132KB)
Report on a survey of learners in the settings (PDF 459k)
Report on a survey of teachers in the settings (PDF 370k)
An roth curaclaim; Alt ó info@ncca (Eanair 2009, PDF, 157KB)