Oideachas Idirchultúrtha
Forbhreathnú
Dhá phointe fócais atá san Oideachas Idirchultúrtha:
- ceiliúrann sé agus aithníonn sé a choitianta is atá an éagsúlacht i ngach réimse de shaol an duine agus déanann sé an foghlaimeoir níos íogaire don smaoineamh gur dual don duine réimse leathan slite beatha, nósanna agus dearcthaí i leith an tsaoil a cheapadh, agus gur díol saibhris dúinn ar fad an éagsúlacht seo i saol an duine
- cuireann sé chun cinn cothromaíocht agus cearta an duine agus tugann dúshlán faoi leatrom neamhchothrom.
Tacaíonn Curaclam na Bunscoile le prionsabail an oideachais idirchultúrtha. Soláthraíonn fís, aidhmeanna agus prionsabail an churaclaim creat oiriúnach chun gur féidir cur chuige idirchultúrtha a cheapadh i leith na foghlama agus an teagaisc.
Tacaíonn aidhmeanna an Teastais Shóisearaigh leis an oideachas idirchultúrtha agus baineann dhá aidhm díobh go sonrach le gnéithe den oideachas idirchultúrtha
- cuidiú le forás morálta agus spioradálta an duine óig agus caoinfhulaingt agus meas a chothú ar luachanna agus ar ábhair chreidimh daoine eile
- an duine óg a réiteach do fhreagrachtaí na saoránachta sa chomhthéacs náisiúnta agus i gcomhthéacs leathan na bpobal Eorpach agus na bpobal domhanda.
Réasúnaíocht
Ní amháin go dtugann an t-oideachas léiriú ar an tsochaí ach bíonn tionchar aige ar fhorbairt na sochaí.Dá réir sin, tá páirt thábhachtach ag scoileanna i bhforbairt na sochaí idirchultúrtha. Ní ar an gcóras oideachais amháin atá an fhreagracht dúshlán a chur faoi chiníochas agus inniúlacht idirchultúrtha a chur chun cinn, ach is féidir leis cuidiú go mór le forbairt scileanna, dearcthaí, luachanna agus eolais idirchultúrtha sa pháiste. Rud luachmhar don uile pháiste is ea an t-oideachas idirchultúrtha chun iad a chumasú chun a bheith rannpháirteach i sochaí atá ag éirí níos éagsúla an t-am ar fad.
Oideachas Idirchultúrtha sa Bhunscoil
Tá Oideachas Idirchultúrtha sa Bhunscoil: Treoirlinte do scoileanna (2005) cruthaithe ag an CNCM.Tugann an doiciméad seo treoir do mhúinteoirí agus do bhainistíocht scoile maidir le:
- an curaclam a chur i láthair ar bhealach a léiríonn an éagsúlacht chultúrtha
- an teacht is mó is féidir a thabhairt ar an gcuraclam do pháistí ó ghrúpaí eitneacha mionlaigh
- taithí idirchultúrtha níos fearr a thabhairt don uile dhalta
- cultúr cuimsitheach a chothú sa scoil.
Dearadh na treoirlínte chun eolas a sholáthar do mhúinteoirí agus do scoileanna maidir le héagsúlacht eitneach agus chultúrtha, maidir le ciníochas agus maidir leis an oideachas idirchultúrtha chomh maith le hacmhainn phraiticiúil a sholáthar a bhféadfadh múinteoirí úsáid a bhaint aisti agus iad i mbun pleanála agus teagaisc ó lá go lá. San áireamh tá raon eiseamláirí bunaithe ar chleachtas sa seomra ranga a thaispeánfaidh conas cur chuige idirchultúrtha a ghlacadh i ngach réimse den churaclam mar aon le liosta cuimsitheach acmhainní chun gur féidir leis an múinteoir teacht ar eolas agus acmhainní breise teagaisc.
Oideachas Idirchultúrtha san Iarbhunscoil
D’fhorbair an CNCM Oideachas Idirchultúrtha san Iarbhunscoil: Treoirlínte do Scoileanna (2006) agus sa doiciméad tá treoir do mhúinteoirí agus do lucht bainistíochta na mbunscoileanna maidir le:
- an curaclam a chur i láthair ar bhealach a léiríonn an éagsúlacht chultúrtha
- an teacht is mó is féidir a thabhairt ar an gcuraclam do pháistí ó ghrúpaí eitneacha mionlaigh
- taithí idirchultúrtha níos fearr a thabhairt don uile dhalta
- cultúr cuimsitheach a chothú sa scoil.
Dearadh na treoirlínte chun eolas a sholáthar do mhúinteoirí agus do scoileanna maidir le héagsúlacht eitneach agus chultúrtha, maidir le ciníochas agus maidir leis an oideachas idirchultúrtha chomh maith le hacmhainn phraiticiúil a sholáthar a bhféadfadh múinteoirí úsáid a bhaint aisti agus iad i mbun pleanála agus teagaisc ó lá go lá. San áireamh tá raon eiseamláirí bunaithe ar chleachtas sa seomra ranga a thaispeánfaidh conas cur chuige idirchultúrtha a ghlacadh i raon leathan ábhar ag an Teastas Sóisearach mar aon le liosta cuimsitheach acmhainní chun gur féidir leis an múinteoir teacht ar eolas agus acmhainní breise teagaisc.
Foilseacháin
Oideachas Idirchultúrtha sa Bhunscoil:Treoirlinte do scoileanna (2005)
Oideachas Idirchultúrtha san Iar-bhunscoil: Treoirlínte do Scoileanna (2006)
Oideachas Idirchultúrtha: tá feidhm ag gach múinteoir Alt as info@ncca, eagrán 8, Eanáir 2008