Soláthar curaclaim do scoláirí sárchumais: Tionscnamh CIDREE
Teastaíonn réimse níos leithne agus níos doimhne gníomhaíochtaí foghlama ó dhaltaí sárchumais ná mar a chuirtear ar fáil do fhormhór na ndaltaí. D'fhoilsigh an CNCM Exceptionally Able Students: Draft Guidelines for Teachers in 2007, agus tá an Chomhairle ag leanúint den obair ó shin i leith. Le déanaí, threoraigh an CNCM tionscnamh comhoibritheach do CIDREE (Cuibhreannas d'Institiúidí um Fhorbairt agus Taighde Oideachais san Eoraip). Ba iad Schweizerische Koordinationsstelle für Bildungsforschung (SKBF/CSRE) san Eilbhéis agus Instituut voor Leerplan-Ontwikkeling (SLO) san Ísiltír na rannpháirtithe eile. Ba é aidhm an tionscnaimh réimse cur chuige ata in úsáid i scoileanna agus ag múinteoirí éagsúla i dtaca le daltaí sárchumais a thabhairt le chéile. Ullmhaíodh bailiúchán cás staidéar, ina bhfuil cur síos ar thionscnaimh agus ar an gcleachtas i seomraí ranga éagsúla ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus scoile. Tuilleadh eolais

Treoirlínte le híoslódáil: Exceptionally Able Students: Draft Guidelines for Teachers
Toradh ar chomhar idir an CNCM agus a macasamhail i dTuaisceart Éireann, an Chomhairle um Churaclam, Scrúdú agus Measúnú (CCEA), is ea na dréacht-treoirlínte. I ngeall ar an difríocht idir na córais oideachais agus an reachtaíocht a bhaineann le riachtanais speisialta oideachais ó thuaidh agus ó dheas, foilsíodh dhá leagan saincheaptha de na treoirlínte.
Chun tarraingt ar an taighde is déanaí agus ar dhea-chleachtas sa réimse, rinneadh léirbhreithniú ar an litríocht ar an ábhar. Gifted and talented children in (and out of) the classroom (2006)
Gifted and talented children in (and out of ) the classroom (PDF: 2006)
Tá daltaí a aicmítear mar dhaltaí sár-chumais ar chontanam de dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. I ngach scoil beidh grúpa daltaí a éilíonn gníomhaíochtaí foghlama níos leithne agus níos doimhne ná mar a chuirtear ar fáil don ghnáthghrúpa foghlaimeoirí. Ní grúpa aonchineálach iad daltaí sár-chumais, agus is minic a bhíonn sé deacair ar mhúinteoirí iad a aithint. Chun cuidiú le múinteoirí na daltaí seo a aithint, tá seicliostaí éagsúla le fáil sna treoirlínte: seicliosta chun daltaí mar iad a aithint i réimsí éagsúla an churaclaim, seicliosta d’ábhair ar leith agus seicliosta chun iad a aithint sa scoil ina hiomláine.
Cuspóir na ndréacht-treoirlínte
Dearadh na dréacht-treoirlínte chun feasacht a mhéadú ar riachtanais shóisialta, mhothúchánacha agus acadúla daltaí sár-chumais agus chun cuidiú le múinteoirí a gcuid teagaisc agus foghlama a phleanáil dá réir.
Molann na treoirlínte bealaí inar féidir an teagasc agus an fhoghlaim a dhifreálú go héifeachtach do dhaltaí mar iad, go háirithe mar is féidir scileanna foghlama a neadú in ábhar a éiríonn níos casta de réir a chéile. Sna cás-staidéir a chuirtear i láthair sna treoirlínte gheofar comhthéacsanna a tógadh ón saol iarbhír ina ndéantar scrúdú ar na saincheisteanna a ghabhann le sár-chumas trí shúile múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí.
Comhairliú
Tá aiseolas lorgtha ag an gComhairle ar na dréacht-treoirlínte ó mhúinteoirí, ó lucht bainistíochta scoile agus ó dhaoine agus eagraíochtaí leasmhara eile, le linn phróiseas comhairlithe. Tá torthaí an chomhairlithe ar fáil sa dréacht-tuarascáil i dtaobh an chomhairlithe. Léirigh na torthaí go raibh na páirtithe a bhí bainteach le soláthar oideachais do dhaltaí ardchumais an-sásta leis na treoirlínte.
Fill ar phríomhleathanach Riachtanais Speisialta Oideachais
Doiciméid
Exceptionally Able Students: Draft Report on the Consultation (2008)
Exceptionally Able Students: Draft Guidelines for Teachers(pdf 1.5mb)
Seicliostaí aonair, ar fáil le híoslódáil i bhformáid PDF
Figure 2.1 Parents'/Guardians' Questionnaire
Figure 2.2 Nebraska Starry Night: Individual Record sheet
Figure 2.3 General Checklist for identifying exceptionally able students
Figure 4.1 Sample Audit Form of current school practice
Exemplar 1: Individual Record Sheet
Exemplar 2: School or Year Group Record
Tá leagan den cheann seo a leanas ar fáil mar dhoiciméad WORD ar féidir a chur i gcló, chun go bhféadfaidh múinteoirí na hábhair a athrú mar is gá.
Exemplar 3: School or Year Group Record (Doiciméad Word)
Naisc ghaolmhara
Riachtanis Speisialta Oideachais