Ríomh-Phunann Samplach
Measúnú bunaithe ar Phunann
Tá na scoileanna atá ag obair leis an CNCM chun na treoirlínte a fhorbairt tar éis measúnú bunaithe ar phunann a aithint mar chur chuige a fhónann don chuspóir agus do na scoláirí faoi leith sin. Bailítear fianaise den fhoghlaim thar tréimhse trí bliana na Sraithe Sóisearaí, agus déantar é a thaifeadadh i bpunann an scoláire. Is éard atá i gceist le ríomhphunann ná punann digiteach nó leictreonach, ina bhfuil bailiúchán de dhoiciméid téacs agus ilmheáin, a léiríonn obair an scoláire. Tá ríomhphunann i gcomhair scoláire samplach déanta leis an áis phleanála ullmhaithe ag scoileanna atá ag obair leis an CNCM.
Ábhar na punainne
Bíonn fianaise den fhoghlaim ag eascairt as measúnú múnlaitheach agus suimitheach sa phunann, mar aon le treoirlínte maidir le roghnú ábhar, critéir mheasúnaithe chun caighdeán na hoibre a mheas agus, ó am go chéile, féinmheasúnú na scoláirí ar a gcuid oibre. Seo a leanas samplaí den chineál fianaise den fhoghlaim a d’fhéadfaí a chur sa phunann
- obair scríofa - (scéalta, litreacha, filíocht)
- tionscnaimh nó saothar ealaíne
- cairteacha, léaráidí nó grianghraif
- físeáin a léiríonn mar a ghlac scoláire páirt i ngníomhaíocht nó éacht a bhain sé/sí amach
- taifeadadh de shaothar ceoil
- taifead foghlama - mar shampla: loga, dialann, taifead ar eachtraí nó taithí thar tréimhse ama, nó taifead digiteach (d'fhéadfaí bogearra a athraíonn urlabhra go téacs a úsáid anseo)
Féach ar Ríomh-Phunann samplach (as Béarla) anseo.