Agus tú ag cur tús le do chuid oibre ar an gcuraclam teanga nua, ba mhaith le CNCM aiseolas a fháil uait ar dhréachtchreataí pleanála a ceapadh chun cabhrú le pleanáil ghearrthréimhseach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Cliceáil ar na naisc thíos chun féachaint ar na dréachtcháipéisí. Cabhróidh an léaráid thíos leat chun an creat is fearr a oireann don stíl phleanála atá agat a roghnú.
Tá na dréachtchreataí i bhformáid ríomh-PDF le go mbeidh tú in ann cló orthu, iad a shábháil, eagarthóireacht a dhéanamh orthu agus iad a phriontáil. Le go mbeidh sé éasca é a úsáid, cuirtear an Cuntas Míosúil san áireamh sna creataí gearrthréimhseacha agus is féidir é a líonadh ag deireadh na míosa.
Má tá tú ag úsáid ríomhaire pearsanta (PC), bain úsáid as na bogearraí PDF saor in aisce seo chun eagarthóireacht a dhéanamh agus ábhar a shábháil. Is féidir le lucht úsáidte Mac-OSX eagarthóireacht a dhéanamh ar na cáipéisí seo agus iad a shábháil ach úsáid a bhaint as Preview.