Go hidirnáisiúnta, tá cúpla cur chuige ann i leith códú a chomhtháthú i gcuraclaim na bunscoile. Agus í ag tarraingt ar an eispéireas idirnáisiúnta seo agus ar obair na scoileanna anseo in Éirinn, forbróidh an CNCM treoirlínte maidir le cur chuige difriúil a úsáid i leith códaithe laistigh den churaclam. Tabharfar cuireadh do scoileanna ina dhiaidh sin dul isteach i líonra chun triail a bhaint as an gcur chuige. Tosóidh an dara céim den obair le scoileanna in Earrach 2018 agus cabhróidh sí leis an gcaoi, le cé chomh mór, leis an gcuspóir agus leis an áit ‘a bhféadfadh’ códú a chomhtháthú i gcuraclam na bunscoile a chíoradh agus a shoiléiriú.