
An chomhairle a chuireann an CNCM ar an Aire i dtaca le cúrsaí curaclaim agus measúnachta sna bunscoileanna, bunaítear í ar fhianaise agus ar thaithí ar cé na rudaí a n-éiríonn leo, cá háit agus cén fáth a n-éiríonn leo, ag tarraingt ar fhoinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Díríonn na doiciméid fhoilsithe a liostaítear anseo (ag tosú leis an gceann is déanaí) ar raon saincheisteanna a bhaineann le forbairt an bhunoideachais ó seoladh Curaclam na Bunscoile (1999).