Mar a forbraíodh Aistear: Comhairliúchán

Is í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a d’fhorbair Aistear i gcomhpháirtíocht le hearnáil na luath-óige in Éirinn agus thar lear. Féach I dTreo Chreata don Luathfhoghlaim: Doiciméad Comhairliúcháint (2004) (PDF, 3.6MB) d’úsáid an CNCM an doiciméad sin ina cuid comhairliúcháin i leith fhorbairt an Chreatchuraclaim le cleachtóirí, tuismitheoirí, taighdeoirí, lucht traenála agus oideachais, maraon leo siúd a cheapann beartas.
Léigh torthaí an chomhairliúcháin in Towards a Framework for Early Learning: Final Consultation Report (2005) (PDF, 265 KB). Bhí ionchur díreach ag na torthaí sin i bhforbairt Aistear.
B’í an chéad chéim eile ná bunú an Choiste Luath-Óige. Chuir an CNCM an coiste sin ar bun chun tacú le forbairt an Chreata ar bhonn leanúnach. Bhí ionadaithe ó earnáil na luath-óige ar an gcoiste maraon le ionadaithe ó ghníomhaireachtaí agus ranna rialtais iomchuí. Féach ar Aistear: Partnership in Action (PDF, 117 KB) le haghaidh tuilleadh eolais faoi mar ar forbraíodh Aistear i gcomhpháirtíocht le hearnáil na luathóige.
Doiciméid
Aistear: Partnership in Action (2009) (PDF, 117 KB)
Towards a Framework for Early Learning: Final Consultation Report (2005) (PDF, 265 KB)
I dTreo Chreata don Luathfhoghlaim: Doiciméad Comhairliúcháin (CNCM, 2004) (PDF, 3.6 MB)
Towards a Framework for Early Learning: A Consultative Document: Executive Summary (2004) (PDF, 392 KB)