An Mheasúnacht sna hIar-Bhunscoileanna
Is éard is measúnú ann ná an próiseas trína dhéantar fianaise den fhoghlaim, i ndaoine aonair, i ngrúpaí nó i gcórais, a bhailiú, a thaifeadadh, a léirmhíniú, a úsáid agus a thuairisciú. Braitheann an próiseas ar uirlisí éagsúla, agus d'fhéadfadh triail bheith mar cheann de na huirlisí sin. Cuireann measúnú oideachasúil eolas ar fáil faoi dhul chun cinn san fhoghlaim.
Déantar measúnacht mhúnlaitheach, dhiagnóiseach agus shuimitheach ar bhonn rialta ag leibhéal na scoile, agus béim faoi leith ar na scrúduithe foirmiúla scoilbhunaithe roimh shos na Nollag, na Cásca agus an tSamhraidh. Ar bhonn na measúnuithe sin, tuairiscíonn múinteoirí agus príomhoidí do thuismitheoirí faoi dhul chun cinn na ndaltaí agus tugann siad comhairle faoi roghanna ábhar agus faoin leibhéal ar a nglacfar na hábhair.
Scrúduithe Stáit
Scrúdú Náisiúnta is ea an Teastas Sóisearach, agus déanann beagnach gach dalta é ag deireadh na sraithe sóisearaí. Is féidir na páipéir a ghlacadh ag Ardleibhéal nó ag Gnáthleibhéal, agus ag Bonnleibhéal chomh maith i gcás an Bhéarla, na Gaeilge agus na Matamaitic. Ní bhíonn scrúdú stáit ann ag deireadh na hIdirbhliana. Measúnacht scoilbhunaithe a dhéantar agus is ar bhealach múnlaitheach go príomha a úsáidtear í chun aiseolas a chur ar fáil do dhaltaí faoina bhfoghlaim agus a ndul chun cinn agus chun tuairisciú do thuismitheoirí.
Ag deireadh na sraithe sinsearaí, déanann na daltaí a ghlac an Ardteistiméireacht (Bhunaithe) scrúdú na hArdteistiméireachta. Bíonn gnóthú an dalta sa scrúdú sin nasctha go díreach leis an bpróiseas roghnaithe do chúrsaí staidéir i mbreisoideachas agus in ardoideachas. Daltaí a ghlacann Gairmchlár na hArdteistiméireachta, déanann siad páipéar scrúdaithe agus cuireann siad isteach punann faoi na Nasc-Mhodúil, le cois na scrúduithe a ghlacann daltaí eile. Daltaí a ghlacann an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, déanann siad scrúdú deiridh agus tiomsaíonn siad creidiúintí i gcaitheamh an dá bhliain staidéir.
Naisc ghaolmhara
Measúnú chun Foghlama (An tSraith Shóisearach)
Coimisiún na Scrúduithe Stáit