Cuirtear cúrsaí éagsúla ar fáil san Ardteistiméireacht Fheidhmheach, agus iad eagraithe ar thrí cinn d'eilimintí:
- Ullmhú le haghaidh Gairme
- Gairmoideachas
- Oideachas Ginearálta
Ar bhonn modúlach atá na cúrsaí leagtha amach agus tá fad tríocha uair an chloig iontu. Caithfidh foghlaimeoirí 44 modúl san iomlán a dhéanamh. Ina theannta sin, caithfidh siad seacht gcinn de Thascanna Dalta a thabhairt chun críche i gcaitheamh dhá bhliain an chláir.
Gheofar leagan amach an chláir ach cliceáil anseo