Treoir san Iar-bhunoideachas

 
Guidance Banner 1
D'fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dréacht-chreat curaclaim maidir leis an treoir i 2007. Cuireann sé srac-chuntas ar fáil ar raon eispéireas foghlama do dhaltaí sna réimsí seo a leanas: Treoir Phearsanta, Treoir Oideachasúil agus Forbairt Gairme. Ní clár treorach scoile ná plean treorach é an dréacht-chreat curaclaim; is í aidhm atá leis tacaíocht a sholáthar do scoileanna agus iad ag forbairt bealaí rochtana do dhaltaí ar threoir chuí.

 

Dréacht-Chreat Curaclaim maidir leis an Treoir

Guidance banner 2

Léiríonn an creat seo a thábhachtaí atá sé cur chuige cothromaithe a bheith ann i leith treoir a sholáthar, ó thaobh raon leathan topaicí agus scileanna a chur sa áireamh agus ó thaobh treoir a bheith le fáil ag daltaí i ngach ceann de bhlianta an iar-bhunoideachais.

 

Cuireadh cóipeanna den dréacht-chreat agus de cheistneoir comhairliúcháin chuig gach iar-bhunscoil agus chuig eagraíochtaí agus grúpaí leasmhara eile in Eanáir 2007..

 

Chuamar i mbun comhairliúcháin bhreise le scoileanna idir Samhain 2007 agus Eanáir 2008 inar iarramar tuairimí príomhoidí scoileanna, treoirchomhairleoirí agus daltaí. Tá fáil thíos faoin teideal Foilseacháin ar na tuarascálacha a d'eascair as na comhairliúcháin maidir leis an gcreat.