Foramharc
Fís na CNCM do TFC sa Churaclam agus sa Mheasúnacht
Creat do TFC sa Churaclam agus sa Mheasúnacht
TFC sa Churaclam agus sa Mheasúnacht: An Bhunscoil
TFC sa Churaclam agus sa Mheasúnacht: An Iar-Bhunscoil
Glactar leis go mbíonn ról lárnach ag TFC i ngnáthshaol a lán daoine anois. Tá tábhacht TFC i saol daoine ag dul i méid agus meastar gur mar sin a bheidh amach anseo, sa chaoi go mbeidh litearthacht TFC ina riachtanas feidhmiúil do shaol oibre, sóisialta agus pearsanta daoine.
Cuimsíonn TFC raon gléasanna agus clár crua-earra agus bogearra ar nós ríomhairí pearsanta, teicneolaíocht chúnta, scanóirí, ceamaraí digiteacha, cláir ilmheáin, bogearraí chun íomhánna a chur in eagar agus chun déileail le bunachair sonraí agus scarbhileoga. Cuimsíonn sé trealamh cumarsáide chomh maith trína lorgaíonn agus trína bhfaigheann daoine faisnéis, lena n-áirítear an tIdirlíon, an ríomhphost agus an fhíschomhdháil.
Is féidir cur lei teagasc agus foghlaim ach TFC a úsáid i gcomhthéacsanna cuí, is féidir éifeachtacht na foghlama a threisiú, nó diminsean a chur leis an bhfoghlaim nach raibh ar fáil roimhe sin. Féadfaidh TFC spreagadh suntasach a thabhairt do dhaltaí ina gcuid foghlama mar aon le tacú le daltaí a bheadh ag gabháil d’fhoghlaim i gcomhar.
Fís an CNCM don TFC sa Churaclam agus sa Mheasúnú
Foghlaimeoirí cumasacha neamhspleácha iad ár ndaoine óga, a bhfuil ar a gcumas TFC a úsáid go muiníneach cruthaitheach táirgiúil, cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, iad ábalta comhoibriú, agus eolas a luacháil go criticiúil, a bhainistiú agus a úsáid.
Plépháipéar é Curriculum, Assessment and ICT in the Irish Context: A Discussion Paper ina léirítear fís anCNCM maidir leis an Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) sa churaclam agus sa mheasúnú i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na hÉireann. Cuireadh an doiciméad sin le chéile leis an bplé agus an machnamh a spreagadh maidir le hacmhainn na TFC tacú agus cur le hobair forbartha an CNCM i gcúrsaí curaclaim agus measúnaithe. Leagann sé síos treo agus scóip oibre an CNCM sa todhchaí maidir le Curaclam agus Measúnú.
Cliceáil ar an nasc thíos le do thoil chun teacht ar Curriculum, Assessment and ICT in the Irish Context: A Discussion Paper (Dréacht, Nollaig 2004) i bhformáid pdf.
Curriculum, Assessment and ICT in the Irish Context: A Discussion Paper draft (2004)
Tá Creat don TFC sa Churaclam agus sa Mheasúnacht forbartha ag an CNCM, ina rainófar na cineálacha eispéireas foghlama TFC (eolas, scileanna agus dearcaí) ba cheart a bheith a do dhaltaí le linn an oideachais bhunscoile agus iar-bhunscoile. Déanfar a Creat a chur i bhfeidhm trí chomhtháthú TFC ar fud an churaclaim, agus is féidir léiriú den chreat a fheiceáil ar rannóg ACTION de láithreán Gréasáin an CNCM, áit a bhfuil raon eisleamáirí atá oiriúnach do leibhéil ranga agus do bhliainghrúpaí éagsúla.
Is feidir teacht ar an gcreat féin, ar thuarscáil ar an obair fhorbartha agus ar na gníomhaíochtaí samplacha trí chliceáil ar na naisc thíos.
ICT Framework: A structured approach to ICT in Curriculum and Assessment - Report on the school based development initiative (2007)
ICT Framework: A structured approach to ICT in Curriculum and Assessment - Revised framework (2007)
Mar chuidiú breise do mhúinteoirí in úsáid TFC sa churaclam, d’fhorbair an CNCM treoirlínte do mhúinteoirí, Information and Communications Technology (ICT) in the Primary School Curriculum: Guidelines for Teachers, doiciméad a thacaíonn le Curaclam na Bunscoile 1999. Sheol an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ROE) na treoirlínte sin in 2004. Soláthraíonn na treoirlínte sin tacaí do mhúinteoirí agus iad ag pleanáil do TFC sa scoil agus sa seomra ranga, agus tá raon éisleamáirí iontu atá bunaithe ar an gcleachtas sa seomra ranga, eiseamláirí a léiríonn an dóigh le TFC a úsáid chun cur le fiúntas an teagaisc agus na foghlama i gCuraclam na Bunscoile.
Ina measc tá
- obair thionscadail sa stair ina n úsáidtear ceapadóireacht ilmheán agus an ceamara digiteach
- tionscadail ríomhphoist i gcomhar le páistí i scoileanna eile
- teicneolaíocht rialúcháin mar ghléas deartha agus déanta san eolaíocht
- iniúchadh agus taighde Idirlín agus go leor eile.
Léirigh torthaí Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile Céim 1 agus Céim a 2 sonraí úsáideacha faoin úsáid a bhaineann múinteoirí as TFC i gcuraclam an Bhéarla, na Matamaitice, na nAmharcealaíon, na Gaeilge, na hEolaíochta agus an OSPS i láthair na huaire.
Cliceáil ar an nasc thíos chun Information and Communications Technology (ICT) in the Primary School Curriculum: Guidelines for Teachers a íoslódáil mar dhoiciméad pdf.
Information and Communications Technology (ICT) in the Primary School Curriculum: Guidelines for Teachers (2004)
Eochairfhócas d’athbhreithniú agus d’fheidhmiú leanúnach oideachas na sraithe sóisearaí agus sinsearaí ar leibhéal na hiar-bhunsoile is ea ról na TFC sa churaclam agus sa mheasúnacht. Sa leasú a dhéantar ar ábhair scoile ag an tsraith shóisearach agus shinsearach, féachtar i gcónaí leis na siollabais agus an treoir a ghabhann leo a chíoradh dá “gcion TFC”, agus ról na TFC mar uirlis teagaisc agus foghlama (m.sh. pacáistí diminiciúla céimseatan sa Mhatamaitic); ina dhlúthchuid den churaclam (GIS sa Tíreolaíocht), nó ina dhlúthchuid den churaclam agus den mheasúnacht (m.sh. CAD sa Ghrafaic Dheartha agus Chumarsáide, Teicneolaíocht an Cheoil sa Cheol).
Agus athbhreithniú á dhéanamh ar oideachas na sraithe sinsearaí bíonn fócas faoi leith ar ról na TFC in athbhreithniú na n ábhar scoile agus i bhforbairt ghearrchúrsaí agus aonad idirbhliana. Moltar fócas suntasach TFC i gcuid de na gearrchúrsaí a fhorbrófar, Teicneolaíocht na Meán Cumarsáide, mar shampla. Ón uair gur thart ar an dea-chleachtas reatha sna scoileanna a dhéanfar aonaid idirbhliana a fhorbairt, is é is dóichí go n aimseofar neart múnlaí den scoth d’aonaid idirbhliana TFC-bhunaithe. San athbreithniú a bheidh á dhéanamh ar ábhair scoile beidh an cion TFC san áireamh sa chreat i gcónaí, lena chinntiú go ndéanfar deiseanna a fhorbairt chun TFC a chomhtháthú in ábhair scoile, de réir mar is cuí. Déanfar imscrúdú in 2005 ar ról TFC i dtaifeadadh na bpríomhscileanna a thagann i gceist trí ábhair scoile, ghearrchúrsaí agus aonaid idirbhliana, agus i measúnú ábhar scoile agus gearrchúrsaí.
Tá imscrúdú á dhéanamh ar ról na TFC in ullmhú agus i gcur i láthair obair chúrsa don mheasúnú (comhábhair an dara measúnú).
Tá plé ar siúl faoi láthair maidir leis an mbealach a dhéanfaí gnóthú na ndaltaí sa TFC a aithint agus a chúiteamh. Féidearthacht amháin, go bhforbródh na daltaí punanna traschuraclamlacha dá gcuid oibre, agus TFC in úsáid in ullmhú agus cur i láthair raon ábhar scoile le haghaidh gníomhaíochtaí curaclaim ó lá go lá agus freisin d’obair atáthar á cur i láthair i gcomhair scrúduithe stáit ('sé sin, comhábhair an dara measúnú). Tá plé ar siúl faoi láthair ar fhéidearthacht go n úsáidfeadh na daltaí na míreanna oibre sin i gcomhthéacs mheasúnú TFC. Soláthraíonn forbairt an Chreata do TFC sa Churaclam agus sa Mheasúnacht deiseanna do TFC a mheasúnú ar leibhéal na hiar-bhunscoile.
Foilseacháin
Information and Communications Technology (ICT) in the Primary School Curriculum: Guidelines for Teachers (2004)
Curriculum, Assessment and ICT in the Irish Context: A Discussion Paper draft (2004)
Primary Curriculum Review Phase 1: Final Report(2005)
Primary Curriculum Review: Phase 2. Final Report with recommendations(2008)
Curaclam na Bunscoile (1999) Doiciméid pdf
Naisc ghaolmhara
Curaclam na Bunscoile
Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas
Enabling Technologies: Guidelines for the use of assistive technology in education