Cúlra
Cuireadh an CNCM ar bhonn reachtúil in 2001. Roimhe sin, eagraíocht neamhreachtúil ba ea í, ar feadh os cionn 20 bliana. Léigh faoi stair na heagraíochta in alt as info@ncca, Eanáir 2008 CNCM: 20 bliain ag fás (PDF, 275KB)
Fís agus misean
Leagtar amach fís an CNCMamach inár bPróiseas Pleanála Straitéisí le haghaidh 2009-2011:
Treoróidh agus tacóidh an Chomhairle le hathruithe i scoileanna agus i suíomhanna oideachais eile.
Is é ár misean ná comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí curaclaim agus measúnachta san oideachas luathóige agus i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna. Bunaítear an chomhairle seo ar theagmháil le scoileanna agus suíomhanna oideachais, le coistí agus grúpaí oibre agus is toradh í ar thaighde, ar mheastóireacht agus ar fhadbhreathnaitheacht.
Ár Suíomhanna
Plean do thréimhse éiginnte is ea an plean straitéiseach reatha. In ionad cuspóirí ardleibhéil d’aithníomar sé shuíomh mar a n-oibrímid chun fís agus misean na Comhairle a bhaint amach.
Suíomh na Foghlama
Folaíonn sé seo réimse leathan de shuíomhanna do leanaí idir 0 agus 6 bliana d’aois, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, ionaid choinneála do pháistí agus aonaid ardtacaíochta
Suíomh na gCoistí
Foláíonn sé seo na coistí, meithleacha oibre agus boird staidéir ar fad. Cliceáil anseo chun teacht ar eolas faoi bhallraíocht na gcoistí.
Suíomh an Eolais agus Taighde
Cuimsíonn an suíomh seo obair thaighde CNCM, idir thaighde inmheánach agus thaighde choimisiúnaithe, mar aon leis an mblag, seomra na n-acmhainní agus straitéisí bainistíochta eolais.
An Suíomh Fíorúil
Trí chuid ar leith atá i láithreán gréasáin an CNCM- an suíomh corparáideach, curaclam ar líne agus ACTION.
An Suíomh Eagraíochtúil
Folaíonn sé seo oibríochtaí inmheánacha agus bainistíocht an CNCM mar eagraíocht, a dualgaisí mar chomhlacht corparáideach agus a próisis chun tuairisciú don Roinn Oideachais agus Scileanna agus don Rialtas.
An Suíomh Idir-Ghníomhaireachta
Folaíonn sé seo na h-idirghníomhaíochta uile le ranna rialtais, an mháthair-roinn san áireamh, le heagraíochtaí agus le háisíneachtaí, leis na seirbhísí taca, leo siúd a oibríonn sa réimse oiliúna agus forbartha do mhúinteoirí agus do chleachtóirí luath-óige, agus sa taighde oideachasúil.
Pleanáil Straitéiseach 2009-2011
Tá fís an CNCM leagtha amach sa phróiseas pleanála straitéisí le haghaidh 2009-2011.
Féach ar an bPlean Straitéiseach.